Wednesday, October 24, 2012

Focail Féilire


Is iad na focail seo a leanas atá ar m’fhéilire fuinneoige ar maidin, focail a tháinig ó Doug Larson, feictear dom:

Few things are more satisfying that seeing your children have teenagers of their own.

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, ach an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin ná,

Filleann an feall ar an bhfeallaire.

Roinnt seanfhocal eile a fuair mé, faoin gceannteideal Feall, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Déan do gháire is do dhealg sáite.

Is minic cealg i mbun na póige.

Ós cleas é, téadh sé timpeall.

Nach iad na gáirí bána iad scadáin Sheáinín ite.

Maidir leis an gceann deireanach sin, cé nach bhfuil a fhios agam a dhath faoi Sheáinín é féin, tá an méid seo scríofa, sa leabhar, faoi na ‘gáirí bána’ úd,

‘Slad gan meirse (?); is ionann ‘gáire (gáirí) bán’ agus duine ag baint leasa as ceart duine eile, agus gan tada ina dhiaidh air.’

Barraíocht daoine mar iad ar fud na tíre sa lá atá inniu ann, shífeá.  

Agus, ó tharla mé ag plé le téama an fhill, chonaic mé an ceann seo thíos faoin gceannteideal céanna,

Slad mainistir teampaill.

An míniú seo a leanas faighte agam ón leabhar céanna,

‘Seanrá a deirtear, nuair atá fuadach nó gadaíocht an-mhór déanta: ‘Ó, sé slad mainistir teampaill é!’ (RM); nuair a cheaptar rud éigin as bealach a bheith déanta (CA). Cheaptaí gur uafásach an choir é slad a dhéanamh ar mhainistir (RM).

Níl sárú na seanráite le fáil, in amanna.  

5 comments:

aonghus said...

Níl, ambaist!

John said...

Cuireann d'fhocal féilire abairt cháiliúil le Bobby Sands i gcuimhne dom: "Our revenge will be the laughter of our children", a aistrítear as Gaeilge mar: "Is i ngáire ár bpáistí a bheas ár ndíoltas."

B'fhéidir go bhfeilfeadh: "Is i ngearáin bhur ndéagóirí a bheas ár ndíoltas", don cheann seo ;)

ormondo said...

"Filleann an feall ar an bhfeallaire."

ASG.

Anonymous said...

Sliocht ar shliocht
Sna déaga dúra.
Meangadh ormsa,
An díoltas tuartha

Mise Áine said...

@ John

Is maith liom an leagan Gaeilge sin, cé gur dóigh liom go bhfuil sé níos dearfaí ná teachtaireacht Doug Larson, má thuigeann tú leat mé..:-)

@ SeanO

An-chliste, a chara..;-)