Tuesday, October 9, 2012

Dul i bhFiáin


Ar an Déardaoin beag seo, 11 Deireadh Fómhair, beidh sraith den chlár Dul i bhFiáin ag tosú ar TG4, ag a 10:00 i.n. Dar leis an mblurba ar shuíomh TG4, beidh ‘beirt shaineolaithe allamuigh ag dul ar thuras, ach caithfidh siad maireachtáil ar bhia ón dúlra…’

Bhuel, arsa mé féin liom féin, ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith dom foghlaim faoi na nithe seo, ar fhaitíos na bhfaitíos go rachadh mé féin agus é féin amú amuigh faoin tuath am éigin, agus go dteastódh greim bia uainn. Dá bhrí sin, tá mo nasc sraithe nasctha leis an gclár agam, agus táim ag súil go mór leis.

Ar ndóigh, níl leid dá laghad agam céard a bheidh ar an mbiachlár ag na saineolaithe agus láithreoirí, Frainc MacCionnaith agus Darach Ó Murchú, ná fiú an bhfeilfeadh an bia don fheoilséantóir seo, ach beidh le feiceáil.

Dul i bhFiáin, TG4, Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair, 10:00 i.n. 

2 comments:

Néidí said...

Súil agam go bhfuil sé ar biaphlandaí don chuid is mó, seachas seilg.

Ag tnúth go mór leis, go raibh maith agat mé a chur ar an eolas.

Mise Áine said...

Mise freisin, a Néidí!