Thursday, October 18, 2012

Charlie Byrne's na Gaillimhe


'An mbeidh tú riamh in ann na leabhair uilig a léamh?' an cheist a chuir Ormondo orm, tar éis mo mhír Laoithe na Féinne agus Leabhair Eile a bheith leite aige.

Ag tumadh a bhím, a Fhearghuis, ag bailiú eolais astu, ag brath ar cén t-ábhar a bhíonn idir lámha agam ag an am..,’ a d’fhreagair mé féin. 
  
Le seacht lá anuas, aon leabhar a bhí i mo lámh agam agus mé ag tumadh liom, chuir mé go leataobh é, go bhfeicfinn cé mhéad leabhar a bheadh ar an gcarnán roimh dheireadh na seachtaine. Taobh istigh den seacht lá sin, gan aon fhoclóir san áireamh agam, cé go ndeachaigh mé ag tumadh iontu sin, freisin, bhí os cionn fiche leabhar ar an gcarnán úd.

Anois, b’fhéidir nár léigh mé ach líne nó dhó astu, nó alt nó dhó, ach ní raibh aon cheann de na leabhair sin nár chuidigh liom, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus mé ag foghlaim liom. 

Cé go ndúirt mé le hOrmondo go raibh mé den bharúil ‘go bhfuil mo dhóthain leabhar agam anois,’ fós bhí orm cúpla leabhar a fháil ar iasacht ón leabharlann, mar nach raibh oiread is leabhar amháin agam a bhain le déithe na Gréige agus déithe na Róimhe - ábhar a tharraing m’aird ina threo an tseachtain seo, ach sin scéal fada eile…

Ar aon nós, le scéal fada a dhéanamh níos faide, agus ó tharla mé ar aon tuairim leis an seanfhocal sin, *‘Is fearr ‘Seo é’ ná Cá bhfuil sé? chinn mé go raibh uaim, ahem, mo leabhair féin i dtaobh na déithe a bheith agam. Ar an ábhar sin, chuir mé glao gutháin ar shiopa leabhar Charlie Byrne’s i nGaillimh maidin inné. Labhair mé le Vinny ar dtús, ansin le Megan, beirt a labhair liom, agus a chuidigh liom le foighne, agus le flaithiúlacht ama thar a ndualgas.  

Is eol dom go mbíonn an siopa sin an-ghnóthach, mar bím ann go minic nuair a bhím i nGaillimh. Ní raibh mé ag súil go mbeadh mórán ama le spáráil acu, ach an bhfuil a fhios agaibh céard a tharla, a léitheoirí -  chuaigh an bheirt acu ar thóir leabhar ar mo shon, ar an bpointe!

Ní hamháin sin, ach léigh siad giotaí as na leabhair dom, le bheith cinnte go raibh an t-ábhar iontu feiliúnach do mo riachtanais.  Roghnaigh mé péire de na ceithre leabhar as ar léigh Megan. Ar maidin inniu, bhí an leabhar sin á léamh agam – roimh am lóin!

Níl aon aithne phearsanta agam ar Vinny ná ar Mhegan, ach théis mar ar caitheadh liom mar chustaiméir inné, dá mbeadh duais ‘Seirbhís Shaoráideach do Chustaiméirí’ ann, bheadh an duais sin á seoladh agam chuig an mbeirt acu sin i Charlie Byrne’s na Gaillimhe inniu.

Gura fada buan iad! 

**************
* Seanfhocal a tháinig ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin alt 'Breathnú Romhat'.

6 comments:

aonghus said...

Gura fada buan iad! Tá siopaí leabhair le foireann eolach faoi bhrú: ó na hollmhargaí leabhair fearacht Easons, agus ó na siopaí ar líne.

John said...

Níl a sárú ann, gan amhras. Chaitheas uair a chloig ann an tseachtain seo chaite - ar thuras an-ghairid chun na Gaillimhe. An suíomh is mó tóir air domsa sa chathair... seachas b'fhéidir Tí Neachtain ;)

Mise Áine said...

@ Tá siopaí leabhair le foireann eolach faoi bhrú

Tá an chuma sin ar an scéal, ceart go leor, a Aonghuis.

@ seachas b'fhéidir Tí Neachtain

Tuigim do chás, a John..;-)

ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Gura buan iad, go deimhin!

Bhíodh uncail liom ina chónaí sa Ghaillimh tráth den saol agus thugadh seisean sciuird isteach chuig Charlie Byrne's go minic.

Déithe na Gréige: tá ábhar spéisiúil idir lámha agat ansin. Léígh mé an "leagan Gearmánach" de leis an údar Gustav Schwab tamall maith de bhlianta ó shin. Tá an t-ábhar spéisiúil ann féín agus theastaigh uaim freisin ní ba mhó a fháíl amach faoi cé dóibh a mbítí ag tagairt sa litríocht an t-am go léír.

Ag rianú fheiniméan an chreidimh a bhíos thairis sin, gan dabht.

Mise Áine said...

@ theastaigh uaim freisin ní ba mhó a fháíl amach faoi cé dóibh a mbítí ag tagairt sa litríocht an t-am go léír

Mise, freisin, a Fhearghuis..:-)