Friday, September 7, 2012

Tip S'Againne!

Thug mé an brat thuas faoi deara agus mé amuigh ag siúl tráthnóna inniu. ‘Suimiúil’, arsa mé féin liom féin, ‘meas tú cén fáth a bhfuil sé sin ar foluain ansin?’

Bhuel, dá mbeadh an páipéar áitiúil léite agam an tseachtain seo, rud nach raibh, bheadh a fhios agam go bhfuil an ‘O’Neill clan on their way to Inishowen,(lch. 27) le comóradh a dhéanamh ar an ‘Tip O’Neill Donegal Diaspora Award’ - duais a bhronnfar ar an iriseoir Niall O'Dowd anocht, san Inishowen Gateway Hotel

Mar a fheicfidh sibh ón leac thuas, atá le feiceáil agam chuile lá agus mé ag siúl taobh na habhann anseo, ba as Bun Cranncha do sheanmháthair an Uasail Uí Néill. Beidh 80 dá mhuintir, a iníon Susan ina measc, ag teacht go Bun Cranncha an deireadh seachtaine seo, agus tá súil agam go mbeidh am iontach acu, mar tá go leor imeachtaí eagraithe dóibh – ina measc, ‘the unveiling of Tip O’Neill Diaspora monument on Buncrana’s shorefront.'

Agus, an bhfuil a fhios agaibh céard eile a chonaic mé agus mé amuigh ag siúl tráthnóna inniu, a léitheoirí, ó tharla go raibh fir oibre á ghlanadh agus mé ag dul thairis? Chonaic mé an séadchomhartha thuasluaite, agus chinn mé pictiúr a thógáil de, le m’fhón póca, le roinnt libhse, sula bhfeicfidh aon duine eile é. Ná habair tada..;-) 

2 comments:

John said...

Nach deas an suíomh é.

Tá leabhrán againne sa bhaile ó na 30aidí inar leagadh síos na rialacha a bhaineann le láimhseáil an bhrataigh. Mar shampla, níl cead é a chaitheamh mar éadaí, níl cead scríobh air (ar ndóigh, bristear na rialacha sin go rialta inniu, ag gach cluiche sacair, mar shampla). Níl aon rud ann faoin mbratach a ghreamú le bratach eile, áfach ;)

Mise Áine said...

@ Níl aon rud ann faoin mbratach a ghreamú le bratach eile

Ní raibh ceann mar é feicthe agam cheana, a John, ach an rud is annamh is iontach..:-)

Nochtadh an séadchomhartha inniu - lá pléisiúrtha..:-)