Sunday, September 2, 2012

Maigh Eo -v- Baile Átha Cliath



Cé nach mbeidh An Garraíodóir ag an gcluiche inniu, is léir ó na bratacha thuas, atá ar foluain taobh amuigh de Cheann Scríbe, cén fhoireann lena mbeimid ag tacú sa teach seo. Inniu, pé scéal é.

Dar le Conor Heneghan ar JOE.ie, 

‘Mayo might be underdogs but if they can come through that particular test unscathed, they'll be hard to stop.’

B’fhéidir nach bhfaca sé Dún na nGall ag imirt an lá cheana

6 comments:

John said...

Maigh Eo abú. Agus ansin bheadh cluiche ceannais den chéad scoth againn.

ormondo said...

"Inniu, pé scéal é."

As grá ionraic íonghlan do lucht Mhaigh Eo nó toisc go gceapann sibh go mb'fhusa an lámh in uachtar a fháil orthu sa chluiche ceannais? ;-)

Ach déarfainn go bhfuil "lucht Choillte Mach" uile ag tacú le Maigh Eo inniu.

ormondo said...

Mar sin, Maigh Eo abú!

John said...

Wúúú húúúúú! Mar a déarfá féin.

Mise Áine said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

Wú húúúúúúú arís, a John!

Maigh Eo abú, go deimhin, a Fhearghuis..:-)

Is as Maigh Eo don Gharraíodóir, agus bhí beirt Ghaillmheach inár gcomhluadar anseo inniu i gCeann Scríbe, rud a d'fhág gur baineadh an-sult go deo as an gcluiche.

An chaoi a fheicimse é, a fheara, beidh Sam ag teacht i dtreo chósta an iarthair, is cuma cé ag a mbeidh an bua..;-)