Wednesday, September 5, 2012

Focail Féilire


Is beag a bhuailtear an leanbh nach ndéanann gearán.

You have the right to remain silent. Anything you say will be misquoted, and then used against you.

Maidir leis an athfhriotal Béarla sin, níor bhac mé le leagan Gaeilge de mo chuid féin a chruthú, mar cheap mé go bhfeilfeadh an leagan Gaeilge thuas, seanfhocal a fuair mé as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin alt Tost ann. 

É sin ráite, sa lá atá inniu ann, seans nach bhfuil an seanfhocal sin IP, mar a déarfá.  B'fhéidir gurbh fhearr 'Is binn béal ina thost' a úsáid. 

Ar aon nós, agus mé ar thóir fhoinse an athfhriotail, tháinig mé ar an suíomh seo, le Modern Day Proverbs ann. Tá cuid acu iontach greannmhar, cheap mé féin, ach tharraing uimhir 12 m’aird, ach go háirithe:

The early bird may get the worm, but the second mouse gets the cheese.

Leagan Gaeilge, b’fhéidir, faoin alt Foighid an an leabhar Seanfhocla Chonnacht, arís:

Cinneann fear na foighde ar fhear na foghla.