Thursday, September 6, 2012

Fírinne nó Fógraíocht?


D’fhreastail mé ar chúrsa Scileanna Teilifíse roinnt blianta ó shin, agus d’fhoghlaim mé go leor faoin earnáil sin, rud a fhágann go bhfuil tuiscint mhaith agam ar na bealaí éagsúla inar féidir le heagarthóireacht scéal a... inar féidir le heagarthóireacht scéal a mhúnlú, deirimid.

Dá bhrí sin, níor chuir sé iontas ar bith orm nuair a léigh mé faoin eachtra seo in alt dar teideal  ‘Nokia's new PureView ad is amazing, too bad it's faked.’ - b’fhiú daoibh breathnú ar an dara físeán ar an suíomh sin, a léitheoirí, an ceann ón The Verge iad féin, go bhfeice sibh an, ahem, botún sceitheach.

Dar le Nokia, ‘we should have posted a disclaimer stating this was a representation of OIS only,’ agus seans go ndéarfadh an duine ciniciúil, ‘Well, they would say that, wouldn’t they!’

Mise? Bhuel, le blianta fada, táimse ag éisteacht le ‘78% of women agree’ ar fhógra teilifíse, ach ag léamh ‘78% of 101 women asked agree’ scríofa sa chlásal séanta beag bídeach ar an scáileán;  ag léamh ‘You too can have hair like this’ ar fhógra irise do ‘Volume Hair Shampoo’, ach ag léamh ‘Hair extensions have been added for effect’ ar an gclásal séanta beag bídeach i gcúinne an leathanaigh, mar shampla.

Seans go bhfuil an lucht fógraíochta ag brath ar ‘inattentional blindness’ an lucht éisteachta agus léitheoireachta, ag súil nach dtabharfaidh siad na nithe folaithe faoi deara, abair; rud nár tharla i gcás Nokia, is cosúil – an geábh seo.

Agus, más rud go bhfuil uait fáil amach an bhfuil ‘inattentional blindness’ agat féin, a léitheoir, b’fhiú duit tabhairt faoi cheist na, ahem, liathróidí ar an suíomh seo - is gearr uait do fhreagra.  

6 comments:

aonghus said...

Sin léaráid ana mhaith ar cluain aigne.

Mise Áine said...

Ar thug tú faoi cheist na liathróidí, a Aonghuis?

John said...

Is cuimhin liom go raibh buachaill sa mheánscoil liom a raibh sé bharraicín aige ar aon chos amháin.

Ní fhaca mé a liathróidí, áfach...

Mise Áine said...

@ ...sé bharraicín aige ar aon chos amháin...Ní fhaca mé a liathróidí, áfach...

cognitive capture, b'fhéidir...

aonghus said...

Thug. Dó sin a bhí mé ag tagairt. Fiú agus mé ar an eolas go raibh cleas ann, ní fhaca mé é.

Mise Áine said...

@ ní fhaca mé é.

Ná mise, a chara!