Thursday, September 6, 2012

Draíocht Súl agus Draíochtúil


Is fiú cúig nóiméad a chaitheamh ag breathnú ar an bhfíseán seo, ceapaim féin, go cloise sibh an ceol, agus go bhfeice sibh na mná ina suí gan a dhath faoina dtóin, shílfeá, ach aer, (1.08), agus mná eile ag eitilt, gan eite ach le paidir, (3.40), seans.

Chomh maith leis na healaíontóirí taibhiúcháin iontacha draíochtúla sin, tá rud éigin draíochtúil faoin gceol san fhíseán seo; an ceol, an ealaín agus na healaíontóirí feicthe agus cloiste ag searmanas críochnaithe éigin den Shanghai World Expo

5 comments:

John said...

Riverdance na Síne ;)

Is maith liom na síocháin dhofheicithe.

Anonymous said...

Iontach ar fad agus álainn, ar slí, ach táimse amhrasach faoin ‘binse dofheicthe’. Bheinn ag súil go mbeadh leacú (flattening) le feiceáil ar mhása na gceoltóirí agus iad ina suí ar dhromchla éigin. Cionn is nach bhfeicim an leacú sin, táim den tuairim gur ‘feabhsaíodh’ íomhá na mban. Bhur mbarúil?

Mise Áine said...

@ 'síocháin dhofheicithe'

@' gur ‘feabhsaíodh’ íomhá na mban'

Níl leid dá laghad agam cén chaoi a ndearna siad é, a SheáinÓ, ach feictear dom gur craoladh an searmanas sin 'beo' mar a déarfá, dá bhrí sin, chaithfeadh sé go raibh suíochán ann - é sin nó tá na mná uilig iontach aclaí ar fad!

Anonymous said...

Féach ar na mása, féach go grinn orthu agus abair liom an bhfeiceann tú an leacú is dual dóibh nuair a shuitear orthu. Cuma cé chomh seang is atá na hógmhná, leathann mas nuair a leagtar ualach air. Maidir le ‘beo’ de, nach bhfuil lear mór sampla againn ar chumas na Síneach an dubh a chur ina gheal ar an lucht féachana. Cuimhin liom go raibh a leithéid i gceist agus na Cluichí Oilimpeacha ar siúl thall ceithre bliana ó shin.

Mise Áine said...

Táim den bharúil go bhfuil an ceart agat faoi na mása, a SheáinÓ, ach cén chaoi a ndearna siad 'feabhsú' ar íomhá na mban, meas tú, más mar sin a tharla?