Sunday, September 16, 2012

Déanta in Éirinn

Tá clár nua, Déanta in Éirinn, á chraoladh ar TG4 na laethanta seo. Ar an gclár, a thosaigh Déardaoin seo caite, fiosraíonn Manchán Magan an féidir maireachtáil, in Éirinn, ar earraí de bhunús na hÉireann amháin.  

jab nach beag roimhe, a léitheoirí. 

Chonaic mé an chéad chlár, agus bhain mé an-sult agus eolas as. Mar shampla, d’fhoghlaim mé go bhfuil traenacha na tíre seo déanta sa Chóiré Theas; níor tógadh traein sa tír seo le 40 bliain nó mar sin - easpa teicneolaíochta nua-aimseartha, gan ach 10 gcomhlacht ar fud an domhain ag plé le saintáirgeadh na dtraenacha domhanda, is cosúil.  

An raibh a fhios agaibh go bhfuil busanna Bhus Éireann déanta san Ísiltír, sa Fhrainc, i Sasana, sa Ghearmáin, sa tSualainn, agus sa Tuirc? Tá sé deich mbliana ó bhí bus de dhéantús na hÉireann ar bhóithre na tíre seo, creid é nó ná creid.

Dé réir mar a thuig mé ón gclár, rinne rialtas na tíre seo cinneadh, am éigin sna seachtóidí, go raibh todhchaí thionscal na tíre le díriú ar ríomhairí agus ar sheirbhísí eile, seachas ar obair láimhe, an dtuigeann sibh; rud a fhágann, sa bhliain 2012, nach bhfuil Manchán bocht in ann taisteal ar bhus, ná ar thraein, de dhéantús na tíre seo.

Ach, d’éirigh leis theacht ar rothar a táirgeadh in Éirinn, am éigin sna seachtóidí. Bhí tionscal Raleigh anseo ó 1952 go dtí 1980, agus cé gur thóg Manchán spin beag ar cheann de na rothair, is carr a bhí uaidh.  

I 1917 a osclaíodh monarcha Ford i gCorcaigh le tarracóirí a thógáil, ach táirgeadh carranna ann, freisin, an Ford Model T, ó 1923-1927. Níor éirigh le Manchán ceann acu a fháil ar iasacht don chlár, áfach.  

I 1959 a tosaíodh ar na Shamrock Cars i mBaile na Lorgan. Níor mhair an tionscal ach 6 mhí, táirgeadh 8 gcarr ar fad, agus ní mhaireann ach 4 cinn acu anois. Níor éirigh le Manchán ceann acu sin a fháil ar iasacht, ach an oiread.

I ndeireadh na dála, d’aimsigh Manchán an DeLorean DMC-12, carr a táirgeadh i mBéal Feirste idir 1981-1982. Ó tharla carr de dhéantús na hÉireann aimsithe aige, an tseachtain seo chugainn is ar bhia na tíre a bheidh aire Mhancháin dírithe. 

An mbeidh sé in ann é féin a chothú ar bhia de dhéantús na hÉireann amháin? Beidh le feiceáil.

TG4 ar an Déardaoin,  agus athchraolta ar an Luan. 

6 comments:

Néidí said...

Níl a fhios agam go díreach conas gur éirigh leis dul ar rothar Éireannach nuair nach bhfuil roth, go bhfios dom, déanta in Éirinn ó 1997

Bheadh ar siúl gach áit!


Nach b'fhearr díriú ar chéard átá á dhéanamh againn, seachas céard nach bhfuil á dhéanamh againn.

Beidh orm breathnú air, fuaimníonn sé mar an sórt clár a thaitníonn liom.

Mise Áine said...

@ conas gur éirigh leis dul ar rothar Éireannach

Sna seachtóidí a táirgeadh an ceann a fuair sé, ó bhailitheoir, ceapaim, a Néidí. Agus, ní dóigh liom go bhfeilfeadh rothar, mar mhodh taistil don chlár..:-)

@ Nach b'fhearr díriú ar chéard átá á dhéanamh againn,

Tá an dá rud á dhéanamh aige, cheap mé féin, agus táim ag súil go mór leis an gcéad chlár eile uaidh, mar gheall air sin.

Is maith liom go bhfuil an stair á roinnt aige linn, freisin.

Unknown said...

'Éire Tír a Dhéanta' a dúradh liomsa mar Ghaeilge cheart - ag cur an ní is suntasaí chun tosaigh - calque is ea 'Déanta in Éirinn'

Mise Áine said...

@ calque is ea 'Déanta in Éirinn'

B'fhéidir é, a chara, ach táim den bharúil go dtuigfidh daoine céard atá i gceist le teideal an chláir, bíodh 'calque' nó 'Gaeilge cheart' ann nó as..:-)

Rinne mé iarracht, anois díreach, ar do bhlag, 'seanaithne againn' a chur le liosta mo chomhbhlagálaithe, ach cé go bhfuil sé le feiceáil agam ar mo liosta riaracháin, níl sé le feiceáil ar liosta na mblaganna ar dheis ansin!

Tharla sé sin le cúpla blag eile, freisin, agus ní thuigim cén fáth!

ormondo said...

Ná bíodh díomá ort má theipeann air greim ar bith le h-ithe a aimsiú dó féin!

Nach é sin an duine ar breá leis an drochscéal a ríomh?

Mise Áine said...

@ Nach é sin an duine ar breá leis an drochscéal a ríomh?

Is fearr liom féin na nithe dearfacha a thabhairt faoi deara, a Fhearghuis..:-)