Tuesday, September 25, 2012

Coiméide Bhéasanna?


Táthar ann a déarfadh go bhfuil an cat seo, Nylah, an-chliste ar fad agus, go deimhin, go bhfuil sé an-chumasach, mar chat.

Táim féin den bharúil go bhfuil úinéir iontach cliste agus cumasach aige, muise! 

3 comments:

Néidí said...

Ní mise, mé féin, úinéir Mise, mo chat. An malairt ar fad atá an scéal.

Cé atá ina dornalaí maith, Katie Taylor ná a máthair?

Dennis King said...

Is i nglac an úinnéara atá an forc!

Mise Áine said...

@ Néidí

Ní fhaca mé máthair KT san fháinne dornálaíochta riamh, ach seans go raibh sí sa chúlra, áit éigin, díreach mar atá úinéir an KT san fhíseán seo, ceapaim: as amharc, ach le lámh ar leith acu in éachtaí a gcúram - tacaíocht, an dtuigeann tú..;-)

Ááááá, a Dennis - scaoil tú an cat as an mála!