Saturday, September 15, 2012

Ceart nó Mícheart?

1. Dún Na Ngall


2.   DÚN NA GALL


3. DÚN NA NGALL


4. Dún na nGall


5. Caper na gCeapairí


8 comments:

Dennis King said...

Cá bhfuil na Language Police?? (Is maith liom an t-imeartas focal sa cheann deireanach!)

Anonymous said...

'Dubs': Illiterate in two languages, dar le cara le m'athair.

Mise Áine said...

@ Cá bhfuil na Language Police??

Ceist mhaith! Tá na bratacha seo le feiceáil ar fud na háite, a Dennis.

Agus mé ar thóir ceann de na bratacha móra, le 'Dún na nGall' scríofa air (níor éirigh liom ceann a fháil fós), dúradh liom, i siopa amháin, go raibh na cinn a bhí acu 'not spelled wrong', mar go bhfuil, dar leis an úinéir, 'about 9 different Irish versions of Donegal to be found on the internet, if you Google it!'.

Agus tá a fhios agat féin, a Dennis, go bhfuil na Language Police ag obair go dian ar an inneall cuardaigh sin..;-)

Caithfidh mé súil ar bhratacha Bhaile Átha Cliath ar an lá mór, a SheáinÓ..:-)

Fearn said...

Tír Chonaill, déarfainn!



Mise Áine said...

Ach níl Inis Eoghain i dTír Chonaill, a Fhearn!

Agus, is as Bun Cranncha do Ryan Bradley..:-)

Mar eolas duit, féach anseo, go háirithe na focail seo a leanas:

'County Donegal as an administrative entity came into existence at the end of the 16th century. This county was made up of Tír Chonaill, the land of O’Donnell and Inis Eoghain, the territory of O’Doherty who yielded tribute to O’Donnell in the 16th century.'

Inis Eoghain+Tír Chonaill = Dún na nGall!

John said...

Leis na botúin ar fad sin, b'fhéidir go mbeadh Dún na nDall níos oiriúnaí, a Áine ;)

Fearn said...

Tuigim duit, a Áine, ach ní raibh i nDún na nGall ach dún, agus b'fhéidir baile gar dó.

Taobh tíre Tír!

Fearn said...
This comment has been removed by a blog administrator.