Sunday, September 9, 2012

Cailín na Gaillimhe!

Ar fhaitíos nach bhfuil a fhios agaibh cén fhoireann lena mbeidh mé ag tacú inniu, a léitheoirí, beidh mé ag súil le toradh eile, cosúil leis an gceann seo.
Gaillimh Abú!
Níl ach cat amháin a fhaigheann mo thacaíocht sa teach seo.

Aguisín (17:11 i.n) 

Gaillimh 2-13  Cill Chainnigh 0-19

Ah bhuel...beidh lá eile ag an bPaorach..;-)

3 comments:

John said...

Beidh lá eile ag an gCainíneach, a Áine.

Bhaineas sult as an gcluiche. Neart tacaíochta don Ghaillimh i gCaerdydd.

Néidí said...

Beidh an bua ann ar an 30ú. Tá eagla ar na cait romhaibh. Ba léir sin ón bpoc éirice.

Is mór an trua d'Áth Cliath gur tharla comhscór sa tarna cluiche freisin. Tá roinnt dos na himreoirí sa chraobh peile freisin agus anois níl ach seachtain idir na cluichí. Tá siad ró-óg. Ní ghlacfaidh na sinsir leis sin in aon chor

Mise Áine said...

@ Beidh lá eile ag an gCainíneach
@ Beidh an bua ann ar an 30ú

Beidh, go deimhin, a chairde!

@ Tá siad ró-óg

Óg agus fuinniúil, a Néidí..;-)