Saturday, September 22, 2012

Boilsciú

Bhí mé ar mo bhealach abhaile ó mo shiúlóid inné, nuair a casadh An Garraíodóir orm, taobh amuigh den ollmhargadh áitiúil, áit ar cheannaigh sé a pháipéar nuachta, mar is iondúil leis.

Ní raibh pingin rua agam féin, ag an am, ach rith sé liom gur theastaigh siúcra uainn sa bhaile, agus dúirt mé leis,

'Would you have the price of a bag of sugar on you, by any chance?' 

Chuir sé a lámh ina phóca, tharraing sé 50c amach as, shín i mo threo é, agus dúirt,

'Is ten shillings enough? '

Ní bhfaighfeá mórán as deich scillinge na laethanta seo, ach is cuimhin liom an t-am nuair a d'fhéadfá neart a cheannacht as 50c, fadó fadó fadó...

Lón machnamh daoibh, a léitheoirí…gan siúcra. 

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

is cuimhin liom bualadh trasna chuig an siopa le flóirín leis an siúcra a cheannach. Ansin d'ardaigh siad an praghas go leathchoróin!

Mise Áine said...

Cuimhne agam ar an bhflóirín agus ar an leathchoróin, freisin - agus ar an réal!

Aois ag teacht orainn, a chara..:-)