Wednesday, September 19, 2012

Billy Abú!


Is léir, óna aghaidh, go bhfuil Billy s’againne breá sásta lena chulaith nua, agus go mbeidh sé ag tacú le Dún na nGall Dé Domhnaigh seo chugainn.

Ach, tá fear as Maigh Eo ina chónaí sa teach seo, freisin, agus ní dóigh liom gurb í an chulaith chéanna a bheidh airsean.

Mise? Is Connachtach mé. Gaillimh Abú! 

5 comments:

John said...

Ó. Mo. Dhia. An madra bocht!

An Springer Spaniel é, a Áine? Do bhí madra mar sin againn sa bhaile. Pearsantacht an-deas acu, agus an-dúil acu sa siúl!

Mise Áine said...

Sea, is spáinnéar preabach é, go deimhin, a John, agus baineann sé an-sult as an gcraic seo, mar is maith leis an aird agus an aire a thugann m'iníon, Gráinneog, dó, go rialta.

Is léi na héadaí agus an madra, agus is í a bhí i mbun a ghléasta, agus is í a thóg an pictiúr.

Níl ach geansaí Mhaigh Eo agus geansaí na Gaillimhe agam féin agus é féin, cé go bhfuil bratach Dhún na nGall againn, agus tá sí ar foluain idir bhratach na Gaillimhe agus bhratach Mhaigh Eo..;-)

John said...

Tá sibh ar nós na Náisiún Aontaithe leis na brataigh ar fad.

ormondo said...

ASG - tá seanchríonnacht shainiúil éigin ag an mBilly s'agaibhse!

Dála an scéil, spleách (nó neamhspleách fiú) ar an toradh, an mbeidh ar Billy bocht dul i bhfolach tráthnóna Dé Domhnaigh?

Mise Áine said...

@ an mbeidh ar Billy bocht dul i bhfolach tráthnóna Dé Domhnaigh?

Beidh mise!