Wednesday, August 1, 2012

Focail Féilire

An ní is tábhachtaí, ní ní é. 

The most important things in life aren’t things.

An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, Anthony J. D’Angelo.

Léigh mé cuid eile d’athfhriotail an fhir chéanna anseo agus, mar gheall ar an drochaimsir a bhí romham ar maidin nuair a dhúisigh mé, is dócha, fuair an ceann thíos greim ar mo shúil,

‘Wherever you go, no matter what the weather, always bring your own sunshine.’

Má aontaíonn tú le Féilire na nGael, inniu an chéad lá den Fhómhar, ach, faraor, ní fhacamar mórán den Samhradh, sa taobh seo tíre, pé scéal é. Feictear dom gur tháinig sé luath i mbliana, agus ghread sé leis arís, le luas spúnóg siúcra i gcupán tae; an chuimhne fós linn, ach an blas imithe leis an tae a óladh.   

Mar sin féin, aontaím le mo dhuine thuas, agus táim ar tí mo ghrian phearsanta féin a dheargadh, agus a thabhairt liom ar mo shiúlóid sa bháisteach. Caithfear bheith dearfach, an dtuigeann sibh, nó caillfear an bloc.

Go mba hé daoibh an dearfacht, a léitheoirí, agus gura fada uaibh an cailleadh bloic.

5 comments:

aonghus said...

le luas spúnóg siúcra i gcupán tae;

Is maith liom an leagan sin.

Go raibh maith agat as an dearfacht. Ceobhrán fuacht agus bus nár tháinig ar maidin, tá dearfacht de dhíth orm mar sin!

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
John said...

Ná bac le Féilire na nGael, a Áine. Táim ag feitheamh ar Shamhradh Indiach ;)

Dennis King said...

Is maith liom d'aistriúchán!

Mise Áine said...

@ Aonghus @ John

Dearfacht Abú!

@ Dennis

Go raibh maith agat, a chara..:-)