Saturday, July 21, 2012

Focail Féilire

Ní suimiúil go suim. 

Mo leagan féin den athfhriotal Béarla thíos, ón mbean seo, Helen MacInnes,

Nothing is interesting if you’re not interested.

Deacair, cheapfainn féin, d’aire a dhíriú ar rud nach gcoinneodh d’aire dírithe air, má thuigeann tú leat mé. Go deimhin, mura mbeadh suim agat i rud, ní bhacfá leis, shílfeá.

Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an t-athfhriotal Béarla sin thuas istigh le ‘Quotes for Quitters’ ach tá sé ann, chomh maith leis an gceann seo ó Red Auerback,

It’s not what you tell them – it’s what they hear.

Ábhar machnaimh san athfhriotal sin, freisin. Má tá suim agat ina leithéid, ar ndóigh. 

3 comments:

John said...

Chreid mé riamh gur chóir a bheith suimiúil agus suim a bheith agat. Déanaim iarracht casadh le daoine leis an dá thréith sin. Muna bhfuil siad suimiúil, bhuel ní bheidh mórán le rá acu... agus muna bhfuil suim acu i ndaoine eile, bhuel bheifeá bréan de bheith ag éisteacht leo ag bladaráil fúthu féin an oíche ar fad. Faraor, tá an iomarca daoine ann - go háirithe mic léinn PhD - atá suimiúil go leor ach nach bhfuil suim dá laghad acu in éinne eile!

Néidí said...

Tá sé thar a bheith deacair gan suim a léiriú i gcéard atá suimiúil agus tá chuile rud suimiúil

Mise Áine said...

@ Déanaim iarracht casadh le daoine leis an dá thréith sin.

Mise freisin, ach tá a fhios agam, go rómhaith, go bhfuil daoine thart orainn agus níl suim acu in aon cheo ach sa ní sin a bhaineann leo féin!

@ tá chuile rud suimiúil

Sin mo bharúil féin, fiú mura bhfuil suim agam san ábhar..:-)