Thursday, July 19, 2012

Focail Féilire

Bím mar a shílim.  

If you feel inferior to someone else, it is because of your own beliefs.

Sin thuas an t-athfhriotal Béarla a bhí romham ar m’fhéilire ar maidin, athfhriotal a tháinig ón mbean seo, Catherine Pulsifer, is cosúil. Tá tuilleadh uaithi le léamh anseo. Is uaim féin an leagan Gaeilge. Fáiltím roimh bhur leaganacha Gaeilge féin, a léitheoirí, más mian libh iad a roinnt liom anseo.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Catherine eile i rith na seachtaine, Catherine de Vrye, bean a bhí ag labhairt faoina saol féin ar chlár John Murray. Maireann sí, dar léi, leis an mana seo, ‘Winners become victors from change rather than victims of change.’ Diabhal locht a’m féin ar an mana sin, a léitheoirí.

Cé go n-éistim leis an nuacht uair nó dhó i rith an lae, agus go léim cuid den pháipéar nuachta ar an Domhnach le go mbeidh mé ar an eolas faoin méid atá ag tarlú ar fud an domhain, déanaim iarracht ar nithe diúltacha an tsaoil a sheachaint i mo shaol féin, nuair is féidir.  

Ní hé gur cuma liom faoi thubaistí an tsaoil, an dtuigeann sibh, mar is cuma. Go deimhin, tá a fhios agam go bhfuil an saol crua, agus go bhfuil go leor daoine ag fulaingt, ach b’fhearr liom labhairt agus éisteacht leis an duine a dhéanann an gníomh ciúin fiúntach dearfach chomh minic agus is féidir leo, nuair is féidir leo, seachas bheith de shíor ag éisteacht le callán cainte diúltaí.

2 comments:

aonghus said...

Tuigim duit.

N'fheadar faoin mana.

Mise Áine said...

An tuiscint a bhain mé féin as an mana, a Aonghuis, ná nach fiú díriú ar an ní sin atá diúltach i do shaol agus nach féidir a athrú, ach, le go mbeidh tú féin níos fearr as mar dhuine, go mb'fhearr díriú ar an mbealach amach as an ndrocháit, más féidir.