Tuesday, June 26, 2012

Wee Scéal Daoibh

Léigh mé tuairisc, le Senan Molony san Irish Daily Mail Dé Sathairn seo caite, go bhfuil an focal beag sin ‘wee’ ina fhocal un-parliamentary - dar le feidhmeannaigh na Dála.

‘No more wee words’ a bhí mar theideal ar an bpíosa a scríobh Senan, agus sí an chuid d'abairt - a dúradh sa Dáil agus a tháinig ó bhéal an teachta Brian Stanley -  a tharraing aird na bhfeidhmeannach, dar le Senan, ná ‘people will have neither a tea nor a wee break.’

an leagan oifigiúil parlaiminteach ar shuíomh Thithe an Oireachtais anois, a scríobh Senan, agus is ‘people will have neither a tea nor a toilet break.’ atá le léamh ansin.  

Is iomaí wee break a bhíonn againn féin anseo i dTír Chonaill, agus cé go mbíonn baint nach beag ag an wee drop of tea leis an scéal, ó am go chéile, is beag a cheapamar go raibh sé a wee bit un-parliamentary an wee word sin a úsáid!     

11 comments:

aonghus said...

Na leanaí bochta íogaire ...

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

Sea, go deimhin, a Aonghuis..:-)

Fearn said...

Pipi? Plasen? Pinkeln?
Á! Múnann gá seift!!

Ach an rud a chuir iontas orm, a Áine, go léann tú an páipéar leitris sin> Spleoid ort!

Mise Áine said...

@ Múnann gá seift

..:-)

@ Ach an rud a chuir iontas orm,

Cén fáth iontas ort, a Fhearn? Léim go forleathan, le m'aigne a choinneáil ón gcúngaigeantacht. Bhuel, déanaim iarracht, pé scéal é..:-)

ormondo said...

Aontaím le Senan; "wee-wee break" an leagan ceart. Nach ea? ;-)

Fearn said...

@Cén fáth iontas ort, a Fhearn?

Bhí mé idir súgradh is dáirire, a Áine!
An súgradh: coinneáil le híomhára an uisce a dhéanamh agus cur leis!
An dáiríre: Nuachtán buí Shasana faoi chóitín glas Éireannach? B' fhearr an rud dílis fhéin, dar liom.

ACH más ar mhaithe le forleithne léitheoireachta é, molaim d'iarraidh

Fearn said...

@"wee-wee break"

De réir an fhoclóra, tá wee agus wee-wee ar an aon taoscán agus an aon gníomh.

Ach is féidir a rá i mBéarla ceart' le blas Albanach:
We wee-wee wee wee-wee.

Mise Áine said...

@ We wee-wee wee wee-wee

..:-)

@ Ormondo

Tá an dá leagan cloiste agam - an 'going for a wee' agus an 'going for a wee-wee'.

Anois, caithfidh mé athsmaoineamh a dhéanamh ar an scéal sin faoin muicín a chuaigh 'wee wee wee all the way home!'

ormondo said...

Maidir le "wee break" etc. an bhfuil a fhios agat go bhfuil áit faoin tuath i gContae an Chláir darb ainm "Moon Cross". Ní deacair sanasaíocht a shamhlú leis ach a fhios a bheith agat go bhfuil teach tábhairne faoi scread asail ólta de.

Mise Áine said...

' Moon Cross".

Fíorscéal, is dócha, a Fhearghuis..:-)