Wednesday, June 27, 2012

Focail Féilire

Aithníonn claonaire claonaire eile.

Sin thuas an chéad leagan Gaeilge a rith liom nuair a léigh mé an t-athfhriotal thíos ar m’fhéilire maidin inné, 

An unbiased person is someone who has the same bias as we have.

Ach, ansin, léigh mé ar dictionary.com go bhfuil an duine neamhchlaon  not biased or prejudiced’ agus go bhfuil an duine sin ‘fair; impartial’ - murab ionann is claonaire, duine a bheadh ag ‘showing bias or prejudice.’

Mar sin, an féidir a rá go bhfuil claon ag an té atá in ainm is a bheith gan chlaon, nó an claon ann féin í an neamhchlaontacht?

2 comments:

aonghus said...

Is beag duine atá in inmhe bheith fuarchúiseach, agus dá bhrí sin neamhchlaon, faoi ábhar a bhaineann leis. An rud is fearr ná má aithníonn duine a chlaon agus tugann aird ar nach dtiocfaidh salach ar an gcóir. Rud deacair.

Mo mholadh féin:
Neamhchlaon an duine ar ionann a chlaon linn.

Mise Áine said...

@ Is beag duine atá in inmhe bheith fuarchúiseach

Sin é, go díreach, a Aonghuis! Táim den bharúil gur claon, de shaghas, atá sa neamhchlaon..:-)

Is maith liom do mholadh, mar cloíonn sé leis an leagan Béarla, feictear dom.

Má ritheann aon leagan eile liom féin, cuirfear anseo é, mar thrácht.