Tuesday, May 8, 2012

Le Díol

Le deireanaí, agus le cuidiú ón suíomh donedeal.ie, dhíol mé carr. M’iníon a chuir na sonraí ar an suíomh dom, ó tharla taithí aici ar na nithe sin, rud nach bhfuil a'msa.

A bhuí le cara liom, fuair mé amach, ar maidin, nach carranna amháin a dhíoltar ar an suíomh áirithe sin, ach gur féidir gach uile ní, ahem, úsáideach a dhíol.  

Sé lá ó shin, cuireadh an díolachán ar leith seo isteach faoin rannóg Wedding. Níl a fhios agam an bhfuair sí aon ghlacadóir fós.

9 comments:

Dennis King said...

An-mhaith! Seo ceann eile duit anois, a bhí ar Craigslist abhus anseo seachtain ó shin. Agus seo dhuit an rud a tharla ina dhiaidh sin.

Mise Áine said...

Thar barr, a Dennis! Tús maith curtha le mo lá agat..:-)

John said...

ASG. An fear bocht. Sin ráite, ba bhreá liomsa cuisneoir Meiriceánach freisin. Meas tú, an mbeadh mórán tóir ar mo chara tí...?

Dennis King said...

Fear céile agus cuisneoir... hmmm. Tá an focal céanna ag mná céile na Seapáine ar fhear céile gan mhaith agus ar sheanchuisneoir: 粗大ごみ (sodai-gomi = cumbersome, hard-to-dispose-of rubbish like redundant refrigerators and washing machines)!

Mise Áine said...

@ an mbeadh mórán tóir ar mo chara tí...?

Níl a fhios agam, a John, ach is leor an cara tí atá agam féin cheana, mar sin ní bheidh mé féin ag ceannacht!

ASG, a Dennis! Agus suimiúil..;-)

Réaltán Ní Leannáin said...

sodai-gomi...sod an chuma atá ar mo dhuine? Dennis, ní theipeann ort ariamh leis an fhocal chuí agus an focal is saoithiúla amuigh! grma - an lá seo agam inniu comhlíonta chomh maith!
Áine - níor cheart duit grainghraf athógail de d'fhearsa agus é ina chodladh!

Mise Áine said...

@ Réaltán

ASG!

Ní dhíolfainn ar ór ná ar airgead é..;-)

Anonymous said...

A Chairde,

Chonaic mé fógra ar an téilifís aréir (ní cuimhin liom céard faoi a bhí sé, is dócha go gciallíonn sé sin nach fógra ró-éifeachtach é) ach bhí an fear atá sa phictiúr seo mar chuid de agus a bean á díol.

Fiosraigh an bhean a bhí ag iarraidh é a cheannach "Is he a goer ?" "Yes", an freagra agus bhí an margadh déanta !!!

Mise Áine said...

Meastú cén Ghaeilge a bheadh ar 'goer' sa chás seo? :)