Saturday, May 19, 2012

Focail Féilire

Tá tuiscint ag an gcroí is ní thuigeann tuiscint í.

Mo leagan féin den athfhriotal 'The heart has its reasons which reasons knows not of,'  athfhriotal a chonaic mé ar m'fhéilire inné.

Ón méid a léigh mé anseo, deirtear gur tháinig an chuid sin den athfhriotal ón bhFraincis, 'Le coeur a ses raisons, que la raison ne connaît point,' agus tá tuilleadh faoin údar, agus faoin athfhriotal, le léamh ar an leathanach sin.

9 comments:

Anonymous said...

Braitheann an nath seo ar na leasanna a mbaintear as an bhfocal ‘raison’ sa Fhraincis. Mar shampla:
Tu as/Vous avez/ raison = Tá an ceart agat. Âge de raison = aois tuiscine/céille
Sé an moladh atá agam duit mar aistriúchán ná
‘Tá fírinne ag an gcroí nach dtuigeann sé féin’, nó ‘Tá tuiscint ag an gcroí nach léir dó féin’.

Tim said...

Seanfhocal iontach gan dabht ar domhan. Thaithin an nath ceanann céanna liom ó léas giotaí des na Pensées sa choláiste nuair a bhíomar ag gabháil don fhealsúnacht. Níl ach fraincís na meánscoile agam fhéin agus níl aon chur amach agam dá laghad ar "na leasanna" a bhaineann na Francaigh as a dteanga dhúchais. Ach bíodh sin mar atá, ceapaim go bhfuil t'aistriúchán ar fheabhas ó thaobh na fealsúnachta dhe - mar sin an miniú - a bheag nó a mhór - a bhain na fealsaimh a bhí againn mar léachtoírí as seanfhocal Pascal! Maith thú, a Áine, Tá t'aistriúchán togha!

Mise Áine said...

Go raibh maith agaibh, a fheara.

Titeann mo thuiscint féin isteach le tuiscint Tim maidir le 'miniú' nó fealsúnacht an athfhriotail.

É sin ráite, is dóigh liom nach bhfuil a dhath cearr le ceann nua Gaeilge a chumadh, lenár dtuiscint féin ann..;-)

aonghus said...

Hmm. Bhí & tá amhras ormsa fós. Mar an tuiscint a bhain mise as ná go mbíonn cúiseanna ag an gcroí a bhfuil an tuiscint dall orthu!

aonghus said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

Tá an tuiscint sin ann freisin, a Aonghuis, más mar sin a thuigeann tú féin é..:-)

Táim den bharúil go mbainfidh gach duine a thuiscint féin as na trí leagan - mo cheannsa, an leagan Béarla, agus an leagan Fraincise.

Agus beidh fáilte anseo, i gcónaí, roimh leaganacha nuachumtha..:-)

aonghus said...

Beidh orm féachaint an féidir liom teacht ar an dtuiscint a bhain Breandán Ó Doibhlin as ina eagrán siúd de na Pensées

Bheadh ionadh orm mura raibh tuiscint ar leith le baint as a leagan croíúil tuisceanach siúd.

aonghus said...

Seo atá ag Ó Doibhlin:

Bíonn a réasúin féin ag an chroí nach eol don réasún iad.
(Seachnaíonn sé an cheist mar sin!)

Mise Áine said...

@ (Seachnaíonn sé an cheist mar sin!)

Ní bhíonn freagra ar chuile cheist, b'fhéidir..:-)