Friday, May 25, 2012

Diacritically, is leatsa É!

An bhfuil a fhios agat an difríocht idir ‘Bhí an-chraic aige’ agus, ahem, ‘Bhí an-chráic aige,’ a léitheoir?

Bhuel, tá a fhios ag Rossa Ó Snodaigh agus Míchéal Ó Domhnaill, beirt a chuaigh ar thóir ár síntí fada agus a chuir an foclóir nua, Our Fada, le chéile, ar mhaithe le séantóirí na síntí fada.    

Agus é i gcomhrá le John Murray an lá cheana (chan i gcomhra le John Murray, an dtuigeann sibh), thug Rossa Ó Snodaigh sampla nó dhó eile as an bhfoclóir, agus is féidir an comhrá sin a chloisteáil anseo.

Tá timpeall 3000 sampla eile tugtha sa leabhar, atá ar fáil anois. Our Fada, foilsithe ag Coiscéim, €10.  

2 comments:

John said...

GRMA as m'aird a tharraingt ar seo, a Áine. Ní shéanfaidh an sean-Sheán seo cabhair leis an síneadh fada go deo ;)

Dála an scéil, suíomh simplí anseo chun an síneadh fada a chur ar fhocail: http://www.logipam.org/charlifter/ga.php

Suíomh eile i gcomhair ghramadach na Gaeilge, forbartha ag... cé eile... Kevin Scannell.

Mise Áine said...

@ Kevin Scannell

Nár laga a Ché é, ná an obair iontach a dhéanann sé..:-)