Sunday, May 27, 2012

Aoibhneas an tSaoil



Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go bhfuil an ghrian ag scaladh anuas oraibhse, freisin, agus go bhfuil in bhur dtimpeallacht na nithe sin a thabharfaidh aoibhneas croí daoibh.

2 comments:

Anonymous said...

Go m’ba hé duit, Áine. Seo Deireadh Seachtaine an Chuimhneacháin in ómós dóibh siúd a cailleadh agus iad faoi airm na tíre. Mise agus An Cosantóir agus muid ar saoire sa Fhrainc tamall de bhlianta ó shin, thug muid cuairt ar Reilig na Meiriceánach agus Reilig na nGearmánach i Normandie. Briseadh croí, cuma cé tú. Línte fada na Marbh ag síneadh go bun na spéire, beagnach. Siad na línte a rith liom ná:
A Rí na nGrása cheap Neamh is Parrthas, nár bheag an tábhacht dúinn beirt nó triúr…………
Ach ina dhiaidh sin, dhiúltaigh mé don smaoineamh. Níl cailleadh duine trí foréigean nó cogadh inghlactha am ar bith, cé deacair dom sin a rá os ard agus beirt dem ál faoi airm.

Mise Áine said...

@ beirt dem ál faoi airm

Go dtaga siad slán abhaile chugaibh, a chara.