Sunday, April 1, 2012

Táillí Dár gCur Soir agus Sall

Tá mé féin agus é féin tinn tuirseach de pholaiteoirí agus de bhaincéirí na tíre seo dár gcrá, iad dár gcur soir le táillí curtha acu air seo is air siúd, agus, de thairbhe sin, tá cinneadh déanta againn go bhfuilimid ag dul ag bogadh to Nua Eabhrach.  

Níl uainn Ceann Scríbe a fhágáil inár ndiaidh, mar is aoibhinn linn an teach seo, agus chinneamar go dtabharfadh muid Ceann Scríbe linn anonn, díreach mar a tugadh an teach úd as Maigh Eo anonn go Manhattan, roinnt blianta ó shin.

Pé scéal é, tá na fir bainte bloic ag teacht amárach, agus beidh An Garraíodóir agus mé féin ag bogadh isteach sa teachín éan inniu, go dtí go mbeidh Ceann Scríbe atógtha thall.

Ar ndóigh, ní róshásta a bhí an meantán gorm nuair a chuala sí go raibh muid ag iarraidh Sióg a thabhairt linn isteach ina teachín, rud a thuigfeá. Dá bhrí sin, caithfear Sióg a bhogadh isteach áit éigin eile, go ceann scaithimh. Fáilteofar roimh mholtaí neamh-mhaslacha.

Idir an dá linn, an fhadhb is mó atá agam féin agus é féin ná céard a dhéanfaimid faoin diabhal ceamara infridhearg atá istigh sa teachín éan. Teastaíonn príobháideachas, an dtuigeann sibh.

4 comments:

Dennis King said...

Tá mé fágtha gan focal ionam.
;-)

Mise Áine said...

@ gan focal ionam.

...ach le neart céille, is léir..;-)

John said...

:)

Tabharfaidh mise aire don teachaín i d'éagmais!

Mise Áine said...

..:-)

Níor tháinig ár meantán gorm ar ais le dhá lá anois...muid ag breathnú ar nead leathdhéanta anois...brónach gan í..:-(