Sunday, March 25, 2012

Súmairí na Spreacúlachta

Bhí mé ag éisteacht leis an bhfiontraí, Pearse Lyons, ag labhairt ar an gclár The Business, an lá cheana – The Billion Dollar Businessman a tugtar air, ar an mblurba ar shuíomh sin RTÉ.

Pé scéal é, agus é faoi agallamh ag an láithreoir, George Lee, chuala mé na focail ‘energy vampires’ ag teacht ón Uasal Lyons. A mhac, más buan mo chuimhne, a luaigh na focail sin leis, geábh, mar gurb é sin an t-ainm a thugann a mhac ar na daoine sin ar fiú iad a sheachaint go hiomlán, is dócha.  

Anois, arsa mé féin liom féin, nach bhfuil an t-ainm sin iontach feiliúnach mar léiriú feiliúnach ar an sórt daoine a bhíonn de shíor ag gearán: léiriú feiliúnach ar na daoine sin nach mbíonn acu ach an faraor; léiriú feiliúnach ar dhaoine ochlánacha míshásta cantalacha maíteacha neamúcha an tsaoil seo.

Gura fada uainn Súmairí na Spreacúlachta, a léitheoirí.  Gabh mo leithscéal anois, ach caithfidh mé imeacht, agus mo chuid gairleoige a cheannach…

5 comments:

Dennis King said...

Is maith liom “súmairí”, ach cá bhfuair tú an focal “spreacúlacht”?

Mise Áine said...

@ cá bhfuair tú an focal “spreacúlacht”?

FGB Uí Dhónaill, lch 1148 (vigour,energy,spirit) - brí, fuinneamh, aigeantacht, spleodar agus anamúlacht san aon fhocal amháin, shíl mé, a Dennis.

Aimsir álainn anseo ar maidin. Go mba hé daoibh thall..:-)

Unknown said...

Amazing post I like it. I never see such types of interesting before. Thanks for sharing such nice post here.

davidanthony said...
This comment has been removed by a blog administrator.
Mise Áine said...

Tá fáilte romhat, a chara..:-)