Wednesday, March 21, 2012

Smaoineamh an Lae

Tuigfidh tú an bás nuair a thuigeann tú nach féidir é a thuiscint.

8 comments:

Anonymous said...

Tuigfidh tú an bás nuair a ghlacann tú leis an bhfíric nach bhfuil éalú uaidh agus gur cuid do-sheachanta dár nádúr é.

Dennis King said...

To die is different from what any one supposed, and luckier.

Cé a dúirt? An raibh an ceart aige??

Mise Áine said...

Mar a dúirt fear liom uair amháin, a Sheáin, 'Dead is a four letter word that never ends.'

Walt Whitman a dúirt, a Dennis. Maidir leis an 'luckier' sin, bíonn an bás crua ar an té a fágadh, cibé faoin té a d'imigh.

Dennis King said...

Is fíor duit, a Áine.

ormondo said...

Ní dóigh liom gur féidir le haon duine atá beo fós a bheith ina shaineolaí ar an mbás agus na daoine a bhfuil an bás curtha díobh cheana féin ní féidir leo an scéal a insint.

Tá súil agam nach bhfuil drochscéal agat féín faoi láthair.

Mise Áine said...

Mar a tharla sé, a Fhearghuis, cuireadh tús tragóideach lenár mbliain, le bás tubaisteach Anna, bean mo dhearthár.

Agus, aontaím le d'fhocla, a chara. Mar is eol duit féin, tá sé deacair nithe an tsaoil seo a thuiscint, go minic.

ormondo said...

Mo chomhbhrón ó chroí leat agus le do dheartháir, a Áine.

Is ar éigean a chreidim gur tharla an tubaiste chéanna daoibhse agus a tharla dúinne. Go huafásach ar fad.

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Fhearghuis.

Go deimhin, tá sé deacair básanna mar iad a thuiscint, a chara.