Saturday, March 24, 2012

Graifítí i mBÁC!

Bhí mé ag éisteacht leis an gclár The Business inniu, agus chuala mé cailín as Dún na nGall, Aoife Dick, ag labhairt faoin ghnó nua, Urban Productions, atá bunaithe aici féin agus Conallach eile, Molly Gordon.

Tá socruithe déanta acu anois don ‘first graffiti and street art walking tour’ i mBaile Átha Cliath: Dublin tour with a twist’, mar atá tugtha ar an tsiúlóid ar shuíomh RTÉ, agus beidh sé ar siúl amárach, Dé Domhnaigh, 25ú Márta.

Smaoineamh úr agus smaoineamh suimiúil, i mo thuairim féin. Go n-éirí go geal leo!

Tuilleadh eolais le léamh anseo agus anseo 

2 comments:

ormondo said...

Smaoineamh úr seachas lámhacán tábhairní. ;)

Mise Áine said...

@ lámhacán tábhairní

Tarlaíonn sé, go deimhin..:-)