Stop carr le mo thaobh, fear óg ar m’aithne a bhí ann, leaid atá ag obair go dian, le morgáiste a choinneáil íoctha, lena chloigeann a choinneáil os cionn uisce, mar a déarfá.
‘You in a rush somewhere?’ a d’fhiafraigh sé díom.
‘I want to get home to hear what the Mahon Tribunal has come up with,’ a d’fhreagair mé féin.
Chrom sé a chloigeann, ‘Why bother…’ a dúirt sé, agus a chloigeann cromtha á chroitheadh aige, ‘…it will make no difference, no matter what they come up with.’
4 comments:
Ní fadfhulangach go hÉireannach.
...go himirceach?
Chuirfinn na cladhairí faoi ghlas i gcillíní atá chomh beag le teach an mheantáin ghoirm.
Fadhb mhór an daonlathais i ngach tír ná go bhfanann na daoine macánta, ciúine, cúthaile, compordacha sa bhaile os comhair na teilifíse agus go mbíonn na cladhairí amuigh i lár an mhargaidh agus iad gníomhach (ar a son féin, i ndeireadh na dála).
An rud a ghoill orm faoi fhocail an fhir óig, a chairde, ná nach raibh freagra agam dó - céard is féidir a rá leis! Tá cairde leis thar lear anois, ar imirce de thoradh gheáitsí na mboc mór le rá, agus níl aon chinnteacht ann nach mbeidh sé féin ar an mbád bán lá éigin, mura dtiocfaidh feabhas ar gheilleagar na tíre seo.
Murach ‘Skype’, is iomaí bean agus páiste nach bhfeicfeadh a fear/athair ó cheann ceann na bliana, gan trácht ar na máithreacha agus aithreacha atá croí bríste, ag fágáil slán ag iníon nó mac. Faraor, ní féidir barróg a roinnt ar Skype.
Post a Comment