Thursday, March 22, 2012

Ag Neadú

Tharla sé go bhfuair An Garraíodóir agus mé féin bronntanas um Nollaig, ceann a thaitníonn go mór linn: teachín éan, le ceamara infridhearg istigh ann.


Ghreamaigh An Garraíodóir an teachín beag de chrann, taobh amuigh de dhoras na cistine, áit, tá súil againn, nach mbeidh cat an tí in ann lapa a leagan air.

Tá an ceamara greamaithe taobh istigh de dhíon an teachín, agus tá an tsreang uaidh greamaithe den teilifís sa chistin i dteach s'againne, teilifís lena bhfuil ár súile greamaithe, chuile lá beo, ó mhaidin go faoithin, ó tháinig an chéad chuairteoir isteach sa teachín éan - meantán gorm - chomh fada agus is eol dom!

Tá sé ag teacht agus ag imeacht ón teachín ó thús na míosa, agus ina chodladh istigh ann le coicís anuas. Ach, i bhfad Éireann níos fearr ná sin, is cosúil go bhfuil sé ag déanamh neide.



Bhuel, tá súil againn go bhfuil, pé scéal é. Beidh tuilleadh uaim faoin meantán gorm, má bhíonn tuilleadh uaidh.

6 comments:

John said...

A Áine, is é sin an scéal is áille a léigh mé le fada an lá. Tá cúpla ceist agam ort:

1) Cá bhfuarthas an teach sin? An bhfuil sé an-chostasach, meas tú?
2) Ar tháinig sreang fada leis, chun é a ghreamadh le do thighín féin?
3) Ar tháinig eolas leis maidir leis an suíomh is fearr dó?

Ba bhreá liom rud mar sin a cheannach don tigh sa bhaile. Tá dhá theach éan crochta agam cheana féin, i bhfad ón teach, suas go hard ar chrainn, in áit dheas shéimh, faoi scáth na gcrann, agus ní bhfuarthas faic ann ach míol críon uaigneach.

stwidgie said...

Tá súil agam go bhfeicfidh sibh uibheacha go luath. :^)

Mise Áine said...

John, a chara,

Is maith liom gur bhain tú sult as mo scéilín..:-) Freagraí:

1) Is féidir iad a fháil i Lidl nó in Aldi, agus chonaic mé ceann acu, ag tús na bliana seo, agus an praghas islithe go €26, ach ní cuimhin liom an in Aldi nó i Lidl a chonaic mé é.
2) Dar leis féin, tá an tsreang ceithre slata dhéag ar fhad, nó mar sin.
3) Bronntanas an ceann a fuair muidne, agus ceapaim gurb as an áit seo a tháinig sé, suíomh Bird Watch Ireland.

Mise fresin, a Kharen!

Dennis King said...

Tá sé sin thar a bheith cúl!

John said...

€26?!!! Dochreidte. Caithfidh mé mo chuid siopadóireachta a dhéanamh in Lidl agus Aldi níos minicí. Míle buíochas as an eolas ar fad. Beidh mé ag faire amach dóibh.

Agus ag faire amach don scéal is déanaí ó NTA - Neadíó Teilifís Áine - a léamh anseo.

Mise Áine said...

@ NTÁ

Is maith liom é sin!

Tá an t-éan ag obair go dian ar maidin..:-)

@ cúl!

Aontaím, a Dennis!