Wednesday, September 28, 2011

Seacht Suas...

…agus tá an táinrith, agus na táinsimh, faoi lán seoil cheana féin.

Sea, a léitheoirí, tá seachtar acu ag rith i Rás an Árais, agus is fúinn, an lucht vótála, a bheas sé an duine is fearr a roghnú don uachtaránacht nó, ar a laghad, is fúinn a bheas sé duine den seachtar a roghnú. 

Níl mo chinneadh déanta agam fós, agus beidh mé ag éisteacht le chuile dhuine den seachtar acu, as seo go lá na vótála, sula dtabharfaidh mé mo bhreith agus duine acu a roghnú, an duine is fearr a cheapfainn féin a d’fheilfeadh don phost.

Beidh An Pota Amhrais ag dul ar an tine arís, agus seo chugaibh, arís eile, an t-oideas as a mbainim féin úsáid, agus breith faoi mo bhráid agam: 

Cuirim An Pota Amhrais ag fiuchadh. Isteach sa phota caithim na pointí feolmhara, ceann i ndiaidh a chéile. Cuirim salann mo smaointe isteach leis na pointí éagsúla, ceann i ndiaidh a chéile. Má thosaíonn an teas ag ardú, nó má thosaíonn an bhoilgearnach ag blub-blubbáil le pointe feola ar leith, bíonn a fhios agam ansin go bhfuil an píosa feola sin rórighin domsa, ábhar éigin ann nach réiteoidh le mo ghoile, agus go mbeidh deacracht agam é a shlogadh.’

Mura bhfuil sibh tinn tuirseach ag éisteacht leis an gcraic uilig go dtí seo, a vótálaithe, tá súil agam go bhfaighidh sibh ábhar sásúil uachtaráin as bhur bPota Amhrais féin.

4 comments:

aonghus said...

Mo phota amhrais féin ag cur thar maoil. Deacair an duine is lú dochair a roghnú. Ní spreagann aoinne acu mé.

Mise Áine said...

@ Ní spreagann aoinne acu mé.

Seans go dtiocfaidh duine acu chun cinn duit, roimh lá na vótála, a Aonghuis. Beidh le feiceáil.

ormondo said...

Seachtar?!

Tá an Tíogar imithe ach níl an chúthaileacht fillte.

Mise Áine said...

Ní dóigh liom go raibh aon duine acu riamh 'cúthail', a Fhearghuis, nó ní bheadh siad san áit ina bhfuil siad anois, cheapfainn..:-)