Saturday, September 24, 2011

Grá -v- Drúis

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Allan Pease ag labhairt le Kathryn Thomas ar an John Murray Show Dé Máirt seo caite (15.00-30.00), agus bhí go leor nithe suimiúla á rá aige. Seo thíos, más buan mo thuiscint, an méid a dúirt sé faoin difríocht atá ann idir na mothúcháin sin, drúis agus grá.  

Abair, mar shampla, nach bhfuil ach bliain iomlán, nó níos lú, caite agat le do pháirtí fós, tá seans ann go m’fhéidir nach bhfuil tú ‘craiceáilte i ngrá’ leis nó léi ar chor ar bith; nach bhfuil ann ach go bhfuil an hormón ceimiceach - an hormón sin a mheall sibh i dtreo a chéile an chéad uair, agus a mhaireann dhá mhí dhéag, nó mar sin - tá seans ann go bhfuil an hormón sin fós ag feidhmiú ar d’inchinn, agus go bhféadfá dúiseacht maidin éigin, le geit, agus gan tú i ngrá in aon chor le do pháirtí!

Go sábháiltear sinn, a léitheoirí, ach níor mhaith liom go dtarlódh a leithéid d’aon duine agaibhse, go gcuirfeadh sibh bliain iomlán amú go drúisiúil, mar nár thuig sibh an difríocht idir ghrá agus drúis, abair, mar sin táim ag dul ag roinnt libhse an moladh a roinn Allan Pease ar an raidió, le go mbeidh a fhios agaibh, roimh ré, an dóigh le páirtí feiliúnach fadtéarmach a roghnú, más fíor...

...déan liosta de na tréithe fisiciúla sin ba mhaith leat a fheiceáil i do pháirtí, mar shampla, dath gruaige, airde, dath súile srl., is dócha, agus, ansin, déan liosta de na bunluachanna a thaitneodh leat i do pháirtí. 

Le do liosta scríofa agat, imigh leat agus déan do ghnóthaí laethúla, mar is iondúil leat, agus, lá breá éigin, gan súil ar bith agat leis, tá seans ann go dtabharfaidh tú do pháirtí feiliúnach faoi deara, áit éigin. 

Tá sé chomh simplí sin, a chairde. Ceapaim. 

2 comments:

ormondo said...

Seancheist agus leabhar nua.

Más leabhar sárdhíola atá ann d'fhéadfadh go bhfuil fadhb réitithe acu leis - dóibh féín, ar aon nós!

Mise Áine said...

Maidin mhaith, a Fhearghuis!

Sea, seancheist go deimhin, agus daoine ag saothrú ón gceist chéanna le blianta fada..:-)