Tuesday, September 20, 2011

Focail Féilire

Sprioc dodhéanta, éadóchas cinnte.

'Despair is the price one pays for setting oneself an impossible aim.'


Is cosúil gur tháinig an leagan Béarla, atá ar m'fheilire féin, ón bhfear seo. Tháinig an leagan Gaeilge uaimse, mar is iondúil, le hionchur ón Dómhnallach, mar is minic léi.   

6 comments:

aonghus said...

Éadóchas toradh ró uaillmhian?

Fíor san.

Réaltán Ní Leannáin said...

ach muna bhfuil aislingí againn caidé tá fagtha againn?

aonghus said...

Ní ionann aisling & sprioc ró ard!

Tuigeann lucht aisling nach as a stuaim féin a bhainfear toradh amach: ní bhíonn éadóchas orthu as a dteip.

Mise Áine said...

@ Ní ionann aisling & sprioc ró ard!

Sin mar a cheap mé féin, a Aonghuis.

Mar sin féin, tuigim céard atá i gceist agatsa, a Réaltán. Is minic a chuala mé 'One day, I'll have/do/be a (rud éigin)...' á rá ag aislingeach, agus cé go raibh mé féin den bharúil gur sprioc dhodhéanta a n-aidhm, níor mhill mise a mbarúil orthu.

B'fhéidir nach dtagann éadóchas ar an té atá de shíor ag aislingeacht..:-)

ormondo said...

Go breá fealsúnach an focal féilire agat!

"Ní dóchas go fís" déarfadh daoine freisin. Comhréiteach idir sprioc agus aisling an fhís, b'fhéidir.

Má bhíonn an sprioc ró-fhada uait, níl seans ag léaró an dóchais teacht chomh fada leat le do threorú faoina choinne/coinne.

"Coinne" nó "choinne", cé acu is fearr, dar libh, a bheith san abairt. (Ní ceist ghramadach atá i gceist anseo ach ceist fhealsúnach.)

Mise Áine said...

Más rud go bhfuil an sprioc rófhada ón duine, is dócha nach mbeadh 'coinne' ag duine léi go brách..:-)