Wednesday, September 28, 2011

Cuimhne agus Ceiliúradh

Ar an lá seo a fuair mo dheirfiúr, Ciara, bás, ceithre bliana ó shin. Airím uaim í, chuile lá beo, ó bhásaigh sí. Ní féidir an brón sin a shéanadh.

Ar an lá seo, blianta roimh bhás Chiara, a rugadh m’iníon. Cuireann a breith lúcháir ar mo chroí, chuile lá beo, ó rugadh í. Ní féidir an lúcháir sin a shéanadh. 

Ar an lá seo, déanaim iarracht gan ligean do mo bhrón mo lúcháir a phlúchadh. Ní bhíonn sé éasca. Ní féidir liom é sin a shéanadh ach an oiread.

7 comments:

aonghus said...

Is maith liom cúis do shonais: ní maith liom do thrioblóid.

http://www.clanntuirc.co.uk/TRAAg/TRAA59.html

Ní gnáth rotha nach fogas dó iompú arís
Is ní gnáth sonas gan donas a bheith ina orlaí tríd.

ormondo said...

Ní maith liom do thrioblóid, a Áine. Tuigim do chás.

Bain taitneamh as lá breithe d'iníne.

Mise Áine said...

Is maith liom an líne 'Ní bhíonn cách uile comhthréan' chomh maith. Go raibh maith agat, a Aonghuis. Thaitin na línte sin uait liom go mór.

@ Tuigim do chás.

Tá a fhios agam go dtuigeann, a Fhearghuis, agus táim buíoch díot as do bheannacht, a chara..:-)

Néidí said...

Rugadh m'athair inniu freisin,, ag smaoineamh ort,

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Néidí.

Réaltán Ní Leannáin said...

rinne mé iarracht rud éigin a scríobh ar an lá, ach níor lig an teicneolaíocht domh, ar chúis éigin. Is iontach go bhfuil tú in inmhe scríobh faoi. Ach níl mórán gur féidir le duine ar bith eile a rá leis a chian a bhaint díot. Ach tá tú cróga, agus tá tú laidir.Agus cuimhnigh ar do dheirfiúr, mar bhí sibh óg le cheile. x

Mise Áine said...

@ Agus cuimhnigh ar do dheirfiúr, mar bhí sibh óg le cheile.

Smaoineamh álainn - go raibh céad míle maith agat, a Réaltán..:-)