Wednesday, September 14, 2011

Bláth na Sláinte

Dea-scéal a tháinig chugainn ag tús na seachtaine ná go bhfuil ag éirí go maith le lucht taighde in Ollscoil Bhradford, ina n-iarrachtaí i gcoinne an ghalair ailse. 

Más buan mo thuiscint, tá siad tar éis theacht ar bhealach inar féidir leo siadaí urchóideacha i lucha a leigheas; iad ag súil go n-oibreoidh an leigheas céanna ar dhaoine le hailse, taobh istigh de chúpla bliain.

Cé go raibh eolaithe riamh ar an eolas faoin úsc frithailse Colchicine, úsc a thagann ón gcrócas cróch an fhómhair, agus air a bunaíodh an leigheas nua thuasluaite, ceapadh an t-úsc bheith ró-nimhiúil do chorp an duine.

Anois, tá sórt ‘smart bomb’ cruthaithe ag na taighdeoirí; eireaball ceimiceach greamaithe acu leis an gceimiceán Colchicine, len é a choinneáil díghníomhachtaithe, go sroicheann sé an siad urchóideach. 

Is cosúil go bhfuil einsím sa siad urchóideach a bhaineann an t-eireaball den cheimiceán ansin, am a ghníomhachtaítear an Colchicine, a ionsaíonn agus a mharaíonn na fuileadáin a thugann beatha don siad.

Go n-éirí go geal lena n-iarrachtaí.

3 comments:

aonghus said...

Go n-éirí go geal lena n-iarrachtaí.
Áiméan!

ormondo said...

Cur síos breá i nGaelainn agat ansin, a Áine, ar ábhar eolaíoch. Guím gach rath ar lucht Ollscoil Bhradford.

Mise Áine said...

@ Cur síos breá i nGaelainn

Go raibh maith agat, a Fhearghuis, ach murach focal.ie, bheinn caillte!