Monday, September 19, 2011

Barbartha?

Ní dóigh liom gur tugadh deis don Dr. Conan T. Barbarian tús a chur lena chuid oibre in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, mar díbríodh an fear bocht ag tús na seachtaine, sula raibh deis aige fiú ‘tyrant slaying’ amháin a dhéanamh.

Más, ahem, fíor an méid a scríobhadh ina ghearrbheatháisnéis ar an suíomh, ní raibh Conan bocht ar chor ar bith sásta le Comhaontú Páirc an Chrócaigh, agus thuigfeá, b’fhéidir, go raibh fonn air duine éigin a slayáil dá bharr sin.

Mar sin féin, tá daoine ann a d’aontódh le Conan, fear nár thaitin an ‘remaking 1980s films’ leis beag ná mór, agus a chreid go raibh siad ‘perfectly good enough in the first place.’

Cibé scéal é, tá a chuid sonraí uilig bainte den suíomh cheana féin agus, dar le hurlabhraí ón gcoláiste, tá na geáitsí uilig being taken seriously.’  Agus, thuigfeá é sin, freisin, is dóigh liom.

3 comments:

aonghus said...

Sílim féin go mbeadh sé níos stuama acu súil a chaochadh. Ana phíosa grinn a bhí ann; scríofa go samhlaíoch.

Mise Áine said...

Cheap mé féin go raibh sé an-ghreannmhar, freisin, a Aonghuis. Teastaíonn giota grinn uainn na laethanta seo..:-)

Réaltán Ní Leannáin said...

an créatúr...