Thursday, July 7, 2011

Níl Aon Mhúnlann Mar Do Mhúnlann Féin!

Tá lá an fheithimh fhada thart, a léitheoirí! Níl uait, sa lá atá inniu ann, ach BoginaBag.  Sea, Bog in a Bag!

Dar leis na díoltóirí, ar an suíomh anseo,

‘BoginaBag (Bog in a Bag) is a unique portable toilet that is extremely light weight, portable and very robust. It provides the owner with a solution to that age old question of needing to go and having nowhere to go! It folds out as a stool, but when nature calls you then remove the cover insert one of our specially designed degradable bags, relax and relieve yourself.’

Sórt, ahem, R&R de shaghas eile atá i gceist, is dócha.

Ach, mura bhfuil BoginaBag agat, coinnigh do shúile oscailte, agus breathnaigh thart go bhfeice tú an bhfuil, ahemclúdach dúnphoill in aon áit in aice leat - dfhéadfadh sé gur preabmhúnlann a bheadh ann, an dtuigeann tú.   

B'fhéidir gur fearr rith maith ná drochsheasamh...

9 comments:

aonghus said...

Preabmhúnlann? Focal, agus coincheap, iontach!

Réaltán Ní Leannáin said...

ho, ho, ho, a Áine! Bhí na néaróga grinn ar obair!

stwidgie said...

Iontas na n-iontas!

Mise Áine said...

Sea, a Aonghuis - do na fir!

Bhí, a Réaltán...;-)

Aontaím, a Kharen!

Eoin Ó Riain said...

Ni gá a thuille a rá....

Mise Áine said...

Ní gá..:-)

ormondo said...

I gcás éigeandála buinní bheadh duine buíoch as!

John said...

Cuireann 'bog in a bag' scéal i gcuimhne dom faoi mháthair mo charad a thóg fód móna léi i mála plaisteach chuig a mac san Astráil gan focal a rá faoi lena comhthaistealaithe. Ba bheag nár thit mo chara i laige nuair a rinneadh cuardach slándála ar an mála san aerphort i Sydney. Cheap sí gur ag iompar drugaí a bhí a máthair!

Mise Áine said...

Bheadh, go deimhin, a Ormondo..:-)

@ Cheap sí gur ag iompar drugaí a bhí a máthair!

ASG! Maith thú, a John - chuir do scéal an bhean seo ag gáire ar maidin.