Wednesday, July 6, 2011

Nathanna Cainte

Le seachtain nó dhó anuas, táim ag freastal ar Chiorcal Comhrá in Sainsburys i nDoire, agus bainim an-sult as mo chupán caife agus as an gcraic le mo chomhroinnteoirí ansin.

An tseachtain seo caite, bhí seachtar againn ann, agus seo thíos cúpla rud a phléamar:

visiting team’ – tá rogha le fáil ar focal.ie: foireann ar cuairt, foireann chuairte, foireann chuarta, ach tá foireann cuairteoirí agus foireann as baile cloiste ó chainteoirí dúchais.

pouring rain’ – tá ag cur de dhíon is de dheora le fáil ar potafocal.com, ach chualamar doirteadh báistí, díle báistí agus gleáradh baistí in úsáid go rialta. Tá tuilleadh faoin aimsir le léamh uaimse anseo, ó Thadhg anseo agus ó Phroinsias anseo agus anseo.

‘riot’círéib an focal a tháinig chugainn, agus é tugtha faoi deara gurb é círéibeacha an leagan iolra den fhocal sin. Ar m’fhilleadh abhaile dom, thug mé féin faoi deara, ar WinGléacht, go bhfuil leaganacha eile den fhocal círéib le fáil – caithréib, cithréib, agus cúiréib.

Maidir le cúiréib, meas tú an bhfuil baint aige leis an mbriathar cúr? Dar le WinGléacht is chastise, punish agus scourge atá i gceist le cúr: an té atá cúrtha cráite, bíonn sé sad and sore, agus, go bhfóire Cia orainn, má tá do chroí cúrtha, tá do heart scourged.

Gura fada uaibh an croí cúrtha, a léitheoirí!  

8 comments:

aonghus said...

Maidir le fearthainn, alt as Lá (nuair a bhí 52 lá sa bhliain ann) tarrtháilte agam agus teacht air tríd seo

Mise Áine said...

An bhfuil cóip le fáil ar an idirlíon, a Aonghuis?

@ nuair a bhí 52 lá sa bhliain ann

..:-)

aonghus said...

Tá - lean an nasc ó mo bhlag. PDF atá i gceist.

Mise Áine said...

GRMA.

Blag Aonghuis anseo, a léitheoirí: an t-eolas le fáil ar thaobh na láimhe deise den bhlag, faoin teideal 'Nuachtáin agus Irisí'.

Maith thú, a Aonghuis!

aonghus said...

Míthuiscint ansin, sílim:

Alt Seán de Fréine maidir le báisteach anseo:

http://www.box.net/shared/z0gtft4kjn

Mise Áine said...

Úps!

Go raibh míle maith agat - arís!

Néidí said...

Maidir leis an bpeil tá ort smaoineamh an peil atá i gceist nó sacair. Níl mórán ar eolas agam faoi sacair ach seo céard a cheapaim:

Tá ort smaoineamh go mbíonn cluichí cairdiúla (friendly games)acu i sacair ach níl a leithéid de rud ann i bpeil. Cluichí dúshlánacha (challenge games) atá iontu.

Agus mar sin i sacair b'fhéidir go bhfuil foireann ar cuairt acu ach níl a leithéid de rud ann agus cuairteoirí i pbeil. Ní cuairteoirí iad agus mar sin ní oireann ach foireann as baile don pheil nó iománt.

Tá súil agam go ndéanann sé seo ciall duit :)

Mise Áine said...

B'fhéidir gurb é sin an fáth gur 'foireann as baile' atá cloiste agam féin, go minic, a Néidí.

Go raibh maith agat as an eolas sin a roinnt linn..:-)