Wednesday, July 13, 2011

Miss Piggy

Agus mé amuigh ag siúl ar maidin, chuala mé Mary Mitchell O’Connor ag labhairt le Ray D’Arcy faoin eachtra seo.

Go deimhin, tá ‘Miss Piggy’ cloiste agam, mar leasainm, ar bhean nó dhó thar na blianta. Samhlaím, nuair a chloisim a leithéid, go bhfuil drochmheas á chaitheamh ar an duine, agus ar an nádúr féin, ar bhealach.

Is cuma cén creideamh atá ag duine, is dóigh liom gur thángamar uile isteach sa saol lenár ngéinte réamhshocraithe. Baineann éagasc agus cumas an duine leis na géinte sin, is dócha, ach ní dóigh liom go raibh sé riamh i gceist go mbraithfeadh éagasc ar chumas, ná go mbraithfeadh cumas ar éagasc.

Ach tá saorthoil againn, deirtear, agus is ait an mac an saol.

13 comments:

aonghus said...

Agus ia amaideach na mic na fir minic go leor faraor. Cé gur buile fiáin faoin gcluas an tréith is mó a shamhlaímse le Miss Piggy. Ní thógfainn ar Mary é dá dtugadh sí a leithéidí do Mhick & Mhing!

Néidí said...

Tá orainn bheith cothrom anseo. Tá sé ceart go leor biffo a thabhairt ar dhuine amháin, ach ní Miss Piggy ar dhuine eile!

aonghus said...

Ní sé ceart go leor ceachtar acu a dhéanamh!

Mise Áine said...

@ Ní sé ceart go leor ceachtar acu a dhéanamh!

Aontaím, agus ní dóigh liom gur thug mé, ar an mblag seo, ná ar aon bhlag eile, an leasainm sin Biffo ar aon duine - tá súil agam!

Dennis King said...

Bhí na géinte céanna againn daichead bliain ó shin ach ní raibh an saol mór agus a mháthair chomh ramhar agus atá siad inniu!

aonghus said...

Níl raimhre i gceist sa chás seo. Tagairt dá cuid éadaí a bhí i gceist, is cosúil. Agus dá mála láimhe.

Scéal anseo

Néidí said...

Brón orm ní raibheas ag rá go raibh tusa ag rá go Biffo a bhí ann.
Cuireann sé isteach ormsa go bhfuil daoine ag géarán gan stad faoi Mick Wallace agus a rogha éadaí (don chuid is mó FG ag géarán faoi) agus ní dúradh rud ar bith agus an sin deir seisean rud éigint faoi éadaí duine eile agus níl sé ceadaithe.

É sin ráite agam, aon uair go mbíonn bean chliste ar vinb bíonn daoine ar an twitter ag díriú ar a gcuid éadaí agus stíl gruaige seachas ar chéard atá a rá acu agus tá orainn deireadh a chur le seo

aonghus said...

aon uair go mbíonn bean chliste ar vinb bíonn daoine ar an twitter ag díriú ar a gcuid éadaí agus stíl gruaige seachas ar chéard atá a rá acu agus tá orainn deireadh a chur le seo

Aontaím!

ormondo said...

Seans gur shaghas deasghnátha nasctha a bhí ar siúl acu amhail a bhíonn ar siúl idir dhéagóirí ar chlós scoile de ghnáth.

An éireoidh an pobal bréan de lucht Cíochótae agus a chuid eachtaí riamh?

Mise Áine said...

Thuig mé go maith nach raibh do thrácht dírithe ormsa go pearsanta, a Néidí!

Agus aontaím leat, agus dá bhrí sin le hAonghus, go mba cheart deireadh a chur leis an gcleachtas thuasluaite agat.

Mise Áine said...

@ An éireoidh an pobal bréan de lucht Cíochótae agus a chuid eachtaí riamh?

Táim den bharúil go bhfuil go leor daoine bréan de na heachtraí atá ag tarlú sa tír seo le roinnt blianta anuas, a Fhearghuis.

aonghus said...

Agus ní hiad na polaiteoirí & tráchtairí amháin atá ciontach. Ar Nuacht 9 anois. Radharc fhada ar chosa Mhary. Cén baint atá aige sin leis scéil na leibidí?

Mise Áine said...

@ Cén baint atá aige sin leis scéil na leibidí?

Baint dá laghad, shílfeá!