Sunday, July 24, 2011

Meitheal na mBád


Bhí bád s’againne ar cheann de na báid a chuaigh amach ar Loch Súilí tráthnóna inniu, mé féin agus é féin ag iarraidh ár n-iarrachtaí féin a dhéanamh ar mhaithe le Jackie, máthair Sheáin McNair, bean nach bhfuil aithne againn uirthi, ach bean a dúirt,she just wanted her son "out of the water" so she could lay him to rest in Derry.’


Bhí na báid ag dul ó Ráth Maoláin go Bun Cranncha, ón Dún Riabhach go Fathain, gach bád ag dul suas agus síos, anonn agus anall ar an loch, ar thóir chorp Sheáin.
Ar ár bhfilleadh dúinn ar an muiríne i bhFathain, chualamar gur tháinig tumadóirí ar chorp ní ba luaithe, gar go maith don áit a ndeachaigh an leaid bocht amú, taobh leis an gcé i Rath Mhaoláin. Más é corp Sheáin atá ann, beidh faoiseamh, de shaghas, ag Jackie.

Tá sé deacair na mothúcháin a mhothaigh mé agus mé amuigh ar an mbád inniu a mhíniú daoibh, a léitheoirí, ach déarfaidh mé an méid seo - mar mháthair mé féin, bhí mé iontach brónach agus mé ag smaoineamh ar Jackie, gan uaithi ach a mac a fháil amach as an uisce, amach as an bhfarraige fhuar mhíthrócaireach, farraige ar cuma léi grá na máthar.

5 comments:

ormondo said...

B'fhéidir go dtabharfaidh sé sólás beag don bhean bhocht go raibh líon mór daoine amuigh ar an bhfarraige ag lorg a mic agus ag déanamh a ndíchill chun cabhrú.

Cinniúint mhíthrócaireach ar fad.

Mise Áine said...

An-bhrónach, a Fhearghuis.

Néidí said...

iontach brónach... Um Cháisc d'imigh beirt iascairí in easnamh in Áth Cliath Thuaidh agus chaith iascairí eile níos mó ná seachtain a chuardú, seachas dul ag obair..

Tháinig siad orthu ina eangach ar trá. Ag an am bhí sé brónach ach ag an am chéanna deas gur tháinig pobal le chéile chun airgead a bhailiú don artola don chuardach agus gur stop gach iascaire ag obair gur tháinig siad orthu.

Mise Áine said...

@ deas gur tháinig pobal le chéile

Aontaím, a Néidí.

Réaltán Ní Leannáin said...

an-deacair ar fad, a Áine. Súil le muir an súil is crúálaí.