Sunday, July 24, 2011

Focail Liom, Focail Leat


Focail, ó na meáin Ghaeilge, a thug mé faoi deara le mí anuas.

Más rud go bhfuil siad uilig ar eolas agat cheana, a léitheoir, is féidir leat neamhaird a thabhairt ar an mír seo uaim. 

Más rud, fearacht an scríbhneora seo, go bhfuil tú fós ag foghlaim, bhuel, beimid ag foghlaim le chéile, tá súil agam, agus glacfar, le fáilte, roimh cheartúcháin, nó le leaganacha eile de na focail/nathanna seo a leanas:

ag baint solamair as an saol – enjoying life
amhrastach – suspect
an táthán nó an glae – the cement or the glue
antoisceach – extremist
Aonad Diúscartha Buamaí an Airm – Army Bomb Disposal Unit
ar ámharaí an tsaoil – by good fortune
bearta gátair – austerity measures
bheith dubh in éadan – be entirely opposed to
Bille Comhalta Phríobháidigh – Private Member’s Bill
bogásach – smug/self-complacent
bradaí – hacker
buaileam sciath – bragging/empty boasting
cánacha réadmhaoine – property taxes
Comhchoiste Oibreachais – Joint Labour Committee. (JLC)
colbhú – kerbing
Comhaontas an Bhia Mearsheirbhíse – Quick Service Food Alliance
croileagan – naíonra Gaeilge na hAlban
cur ar atráth – adjournment
curtha faoi chré – buried
drúthlann – brothel
earcaíocht – recruitment
faoi lé – open to
fearaistí – equipment
fimíneacht – hypocrisy
fiontraí – speculator
foráil reachtúil – statutory provision
forneart – superior strength, force, violence
gáinneáil ar dhaoine – human trafficking
geandáil ghasta – speed-dating
gearg/uibheacha geirge – quail/quail eggs
glórphost/guthphost – voicemail
go comhuaineach – simultaneously
grúpa bradaíola – hackers
imtheorannú – interment
in araíocht don iascaireacht – suitable for fishing
lachtar – clutch (of eggs)
leithscéal gan chuntar – unconditional apology
lóistíochúil – logistical
mathshlua – congregation/large crowd
oibre éigeantais – forced labour
pábháil – paving
piasún – pheasant
pobalach – populist
pórúchán – breeding
ragobair – overtime
riocht a tholgadh – contracting of disease/condition
rud a áitiú ar dhuine – to persuade someone of something
scabhtaí tallainne – talent scouts
sliosbhóthar – slip road
smál a chur ar chlú duine – tarnish someone’s reputation
stalcaire – stalker
táillí fánaíochta – roaming charges
todóg – cigar
U-chasadh – U-turn

7 comments:

Máire Mhic an Phríora said...

Go raibh míle maith agat as ucht an liosta seo, a Áine. Déanfaidh mé staidéar air.
Sílim go bhfuil
ag baint solamair as an saol
nios deise ná
ag baint súip as an saol

Ionchúisitheoir = prosecutor
Ceann nua a d'aimsigh mé inné.

Máire

Mise Áine said...

Ag foghlaim liom, a Mháire!

Anonymous said...

Fíorshuimiúil mar liosta é. Ceist agam faoi ‘ríocht a tholgadh’. Galar nó tinneas, nó go fiú slaghdán a tholgadh, tá siad siúd agam cheana, ach ‘ríocht’ a tholgadh? N’fheadar. An t-aon cheist eile atá agam ná ‘kerbing’. Cad is brí leis?

ormondo said...

"Kerbing": is focal nua é, nach ea? Ceapaim go gciallaíonn sé "ag tiomáint go mall gar don chosán ar lorg striapaigh".

Mise Áine said...

@ ‘ríocht’ a tholgadh?

Is í an abairt iomlán as Foinse, a Sheáin, in alt dár teideal 'Feargach: Altraí a sá le snáthaidí salacha', ná 'Tá roinnt ball foirne tar éis riochtaí éagsúla a tholgadh cheana féin, Heipitíteas B san áireamh, i ndiaidh do shnáthaidí iad a shá.'

Maidir le 'kerbing', cé go bhfuilim fós ag gáire faoi mhíniú Ormondo thuas, táim den bharúil gur 'path kerbing' atá i gceist, sa chás seo, sé sin an chloch a bhíonn ar imeall an chosáin - sin mo bharúil, pé scéal é, ó tharla gur, dar le Gaelscéal,'Cúrsa nua FÁS sa gcolbhú agus sa bpábháil' atá i gceist!

ormondo said...

Ach, "kerb crawling" a bhí ar intinn agam!

Caithfidh mé blagmhír a scríobh faoina deacrachtaí a bhíonn agam uaireanta leis na focail nuachumtha i mBéarla... agus na hathruithe eile a thugam faoi ndeara ó am go chéile agus me ar ais ar an seanfhód.

Mise Áine said...

@ Ach, "kerb crawling" a bhí ar intinn agam!

Thuig mé é sin, go deimhin, agus cén fáth nach bhféadfá 'colbhú' a thabhairt ar a leithéid - nach ionann 'col' agus 'impediment (to marriage)', dar le WinGléacht!

Beidh mé ag suil go mór leis an mblagmhír sin uait, a chara..:-)