Monday, July 18, 2011

Cara na Cumarsáide

Ó am go chéile, léim, agus tá léite agam anseo ar an mblagsféar, in Gaelscéal, agus sna meáin trí chéile, tráchtaireachtaí éagsúla faoi labhairt na Gaeilge, agus faoi Ghaeltachtaí.

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bíonn sórt bróin orm nuair a léim go bhfuil teorainneacha fós tógtha, agus fós á dtógáil, ag daoine. Osna. Pé scéal é, más fiú a dhath iad, agus mura bhfuil sibh féin tinn tuirseach ag léamh faoin gcraic, seo scéilín agus tuairim uaimse, a chairde.

Anois is arís, téim chun dinnéir le triúr ban; Sasanach, Albanach agus Breatnach, mná ar cairde liom iad. Béarla an teanga coitianta againn. Is de bhunadh na hAlban í an bhean is sine den chomhluadar, agus bím de shíor á ceistiú faoi na gnáthnathanna cainte suimiúla a thagann, go nádúrtha, as a béal:

‘What do you mean by ‘the north wind’ was in your hair? agus
‘What did you mean when you said ‘I’m not haning it?’, mar shampla.

Ní hé nach bhfuil Béarla agam, an dtuigeann sibh, ach níl saibhreas a Béarlasa agam, ó tharla nár tógadh in Albain mé, an áit ónar chuala sise a nathanna cainte dúchasacha, agus í ag fás aníos.

Go deimhin, is minic go gcuireann sise agus na mná eile ceisteanna ormsa faoi mo nathanna cainte dúchasacha féin, na cinn a thagann go nádúrtha as mo bhéalsa. Tá mo shaibhreas cainte féin agam, is dócha, nathanna agamsa nár chuala siadsan cheana, agus thuigfeá sin, ó tharla nár tógadh sna ceantair chéanna muid.   

Nuair a casadh an Sasanach orm, an chéad uair riamh, níor thuig mé focal as a béal, ná níor thuig sise focal as mo bhéalsa. Ní hé nach raibh Béarla againn, an dtuigeann sibh, ach níorbh ionann ár gcanúintí, agus bhí deacrachtaí tuisceana eadrainn, go dtí gur thángamar i dtaithí ar ár gcanúintí éagsúla.

Maidir leis an mBreatnach, níl oiread na fríde de chanúint a háite dúchasaí le brath ar a cuid cainte. Níl a fhios agam an dtabharfá ‘cruinneas cainte’ ar a cuid cainte, nó an dtabharfá ‘Béarla caighdeánach’ ar a leithéid, ach ní dóigh liom go mbeadh deacracht ag Béarlóir ar bith í a thuiscint, mar go bhfuil gach uile fhocal uaithi soiléir, agus cruinn beacht ó thaobh na foghraíochta caighdeánaí de, mar shampla.  

Ní miste liom cé hiad, nó cá háit, ach nuair a thosaíonn duine ag labhairt i nGaeilge liomsa, sin mo Ghaeltacht. Is cuma liom faoi líofacht nó faoi chaighdeán nó faoi chanúint; níl uaim ach go mbeadh cumarsáid thaitneamhach eadrainn, agus go mbeadh muid ag foghlaim óna chéile, le meas agus le foighne, nuair a bhíonn ár dteanga dhúchais á labhairt againn.

Ná lagaítear meas agus foighne cairde na cumarsáide, cibé teanga atá á labhairt acu, agus gura fada uainn na teorainneacha tuirsiúla loiteacha stairiúla.   

6 comments:

aonghus said...

Tá a lán den fhírinne agat, a Áine.

Ach ní hionann cás an Bhéarla agus cás na Gaeilge; níl baol ann go n-imeodh an Béarla as mar theanga dúchais. Ní thig an rud céanna a rá faoin nGaeilge. Faraor.

Tharlódh, mura ndéantar cúram di, gur teanga lagaithe, curtha as a riocht ag an mBéarla & saibhreas caillte dá réir, a bheadh ag na glúinte inar ndiaidh.

Néidí said...

Tuigim go hiomlán céard atá a rá agat, a Áine agus tagaim leat 100%

John said...

Tagaim leat chomh maith, a Áine. Mar is gnáth ;)

Colm Ó Broin said...

Thosaigh mé fhéin an díospóireacht seo i nGaelscéal cúpla seachtain ó shin agus is díospóireacht fhiúntach a bhí ann ó shin i leith. An sprioc atá agam ná cruinneas, saibhreas agus comhréir na Gaeltachta a bheith agam agus sílim gur dúshraith mhaith a bheadh ann do na ceantracha iar-Ghaeltachta. Níl sé réalaíoch faoin tráth seo go mbeadh foghraíocht na Gaeltachta ag gach duine.

Mise Áine said...

@ 'teanga lagaithe, curtha as a riocht ag an mBéarla'

Tuigim céard atá á rá agat, a Aonghuis, ach ní hiad na Béarlóirí amháin a chuirfidh an Ghaeilge i mbaol, ach, b'fhéidir, lucht labhartha na Gaeilge iad féin, mura nglactar leis nach 'le' dream amháin seachas le dream eile an chanúint nó an caighdeán atá 'ceart', mar a déarfá.

Aontaím le Colm thuas nuair a deir sé 'Níl sé réalaíoch faoin tráth seo go mbeadh foghraíocht na Gaeltachta ag gach duine.'

Ní amháin sin, ach an bhfuil gá le teorainneacha Gaeltachta, ar chor ar bith?

@ An sprioc atá agam ná cruinneas, saibhreas agus comhréir na Gaeltachta a bheith agam...

Cén Ghaeltacht, a Choilm?

Mo chuimhne, fáilte isteach, a chara..:-)

@ Néidí @ John

Aithníonn ciaróg...;-)

Colm Ó Broin said...

"Cén Ghaeltacht" Tá comhréir na nGaeltachtaí nach mór mar an gcéanna. Má tá duine ag iarraidh blas Gaeltachta a bheith acu is féidir leo ceann a phiocadh iad fhéin.