Monday, July 25, 2011

Ar Thóir Óide

Daoibhse le suim agaibh i gcluichí an Chumainn Lúthchleas Gael, b’fhéidir go mbeadh suim agaibh sa chomórtas filíochta The Search for an Ode to the Third Sunday in September’, comórtas atá á reáchtáil ag SuperValu, i gcomhar leis an Colm Hayes Show.

Tá agaibh go dtí an 31 Lúnasa le hóid 10 líne a chumadh. Tá na sonraí uilig le léamh anseo, agus is féidir d’iarratas a sheoladh chucu anseo.

Ní fhaca mé é scríofa in aon áit gur óid Bhéarla amháin atá uathu, agus ó tharla Mícheál Ó Muircheartaigh ar an bpainéal, meas tú nach bhféadfái ceann nó dhó as Gaeilge a chumadh...

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

scaoil amach na focail, a Áine!

Mise Áine said...

Go mba hé duit, a chara! Adiós go fóill..:-)