Tuesday, June 28, 2011

Sásar Eitilte?

Más rud go bhfuil suim agat i scamaill, a léitheoir, b’fhéidir gur mhaith leat an ceann seo a fheiceáil.  

Nithe suimiúla ag tarlú sa spéir i gCill Mhantáin, is cosúil.    

4 comments:

aonghus said...

N'fheadar cén cineál néal a bhualadh duine a chonaic sin!

Mise Áine said...

Néal imní, b'fhéidir...:-)

Anonymous said...

Áthas an domhain orm an rud sin a bheith feicthe ag duine seachas mé féin. Thart ar 1963 chonac féin agus cara liom an rud ceannann céanna sa spéir agus muid ag dreapadh i sléibhte Chill Mhantáin. Ar ndóigh, bhíomar tar éis teacht ar ‘log spioradálta’, sé sin cache de phoitín, a bhí ceilte sa fraoch ar shleasa an tsléibhe. Ach cén tionchar a bheadh ag an deoch sin ar radharc ár súl?

Mise Áine said...

@ Ach cén tionchar a bheadh ag an deoch sin ar radharc ár súl?

An-tionchar go deo, cheapfainn féin, a Sheáin...:-)