Saturday, June 4, 2011

Sa mBaile

I láthair na huaire, táim i gConamara, i gCeantar na nOileán. Táim le mo dhream féin, ar ais san áit inar rugadh agus inar tógadh mé, rud a fhágann go bhfuilim ar mo shuaimhneas. Is suaimhneas ar leith atá ann, an dtuigeann sibh, suaimhneas nach mothaím in aon áit eile ar domhan, ach amháin anseo.

Nach suimiúil an rud é sin, a léitheoir? Cé go bhfuil i bhfad níos mó de mo shaol caite agam taobh amuigh den cheantar seo, agus cé go bhfuilim breá suaimhneach agus sona sásta i nDún na nGall, an áit ina bhfuilim ag cur fúm le tríocha bliain anuas, tugaim ‘baile’ ar an oileán beag seo, Eanach Mheáin.

An tseachtain seo chugainn, beidh mé ag dul abhaile, ag dul ar ais go Ceann Scríbe, ach, i láthair na huaire, táim sa mbaile.

Inné...


Aréir…


8 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

dathanna ar dóigh

Dennis King said...

Agus tá an blas sin ar do chuid Gaeilge agus tú sa mbaile!

An bhfuil Blogger tar éis chuile rud a bhí cearr le do chúntas a réiteach?

Mise Áine said...

Tástáil 1,2,3...

Mise Áine said...

Wúúúhúúúúúúú! Táim ar ais!

Agus, an bhfuil a fhios agaibh céard a bhí le déanamh agam...rud beag bídeach...an 'tic' sa bhosca 'stay signed in' a bhaint amach as an mbosca sin - tá sé le fáil faoin mbosca 'Password', os cionn an bhosca 'Sign In' agus duine ar tí logáil isteach ina 'Google Account'.

Bain amach an 'tic' sin, agus beidh leat!

John said...

Tuigim é, a chroí. Ní bhíonn ach 'baile' amháin ag aon duine. Agus nach bhfuil an t-ádh leatsa go bhfuil do bhaile chomh draíochtúil sin.

ormondo said...

Tá na grianghraif go hálainn

Meas tú go gciallaíonn an téarma "baile" rud eile do dhaoine a bhfuil a mhuintir fréamhaithe go domhain sa cheantar leis na cianta agus an "dearbhfhine" thart timpeall orthu seachas daoine nach bhfuil a dtuismitheoirí as an áit, nó as na háiteanna, inar fhás siad féin aníos?

Eoin Ó Riain said...

Tá no bpiceanna go hálainn! Beidh mé ag tiomáint anoir ansin (ó gCaorán na gCearc) i gcionn uair nó dhó - jeepín beag Mitsubishi donn le boinnéad gorm....

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Réaltán.

A Eoin, coinneoidh mé súil amach duit!

@ Agus tá an blas sin ar do chuid Gaeilge agus tú sa mbaile!

D'aon turas a cuireadh an 'sa mbaile' sin isteach, a Dennis...;-)

Tá an ceart agat, a John...:-)

@ a mhuintir fréamhaithe go domhain sa cheantar

Ceapaim gur mar sin atá i mo chás-sa, pé scéal é, a Ormondo - 'spiorad mo shinsear sa gcloch, sa gcré' mar a scríobh mé i ndán liom, geábh...:-)