Thursday, June 9, 2011

Ó Oileán go hInis


Sa ghrianghraf thuas, bhí an ghrian ag dul faoi i gConamara. D’imigh sí léi go deas réidh, mar a bheadh drogall uirthi mé a fhágáil, shílfeá, ó tharla mé ag imeacht uaithi, lá arna mhárach.   

M’anam, ach bhí mé den bharúil gur fhan an ghrian chéanna thíos i nGaillimh, mar ní raibh dé ná deatach uirthi nuair a shroich mé Ceann Scríbe inné.  

Ach, fan nóiméad…tá dath gorm ag teacht ar an spéir…tá na scamaill ag scaipeadh…sea, is í atá ann!

Tá sé fuar, a chairde, ach tá an ghrian ag scaladh in Inis Eoghain. Go mba hé daoibh, cibé áit ina bhfuil sibh.

2 comments:

Eoin Ó Riain said...

Fáilte abhaile!

Tá muid ag guidhe anseo nach mbeidh báisteach ann um thráthnóna - Lá an Tobar! Tá scammal dubh doracha ós ar gcionn anois ach tá trí sula dtosnaíonn an phátrún!

Mise Áine said...

Aiféala orm, a Eoin, ach is cosúil gur ♫♪...Thugamar féin an Samhradh linn...♫♪ go hInis Eoghain!

Beannacht a bheas ann daoibh, má thiteann an bháisteach - nach é sin a deirtear, a chara...:-)