Tuesday, June 21, 2011

Gnáthdhuine nó Síceapatach?

An bhfuil a fhios agat, a léitheoir, ach tá gach seans ann gur casadh síceapatach ort, am éigin, nó, b'fhéidir, go rialta! 

Ón méid atá léite agam, agus más fíor an méid sin, d’fhéadfadh sé go bhfuil idir 22,500 agus 45,000 síceapatach beo beathach sa tír seo. Agus, creid é nó ná creid, a fheara, deirtear gur mó fir ná mná atá ina síceapataigh, an cóimheas eatarthu 6:1.  

Agus cén chaoi a mbeadh a fhios agat an bhfuil, nó nach bhfuil, duine ina síceapatach? Bhuel, tá a leithéid de rud ann agus an Hare Psychopathy Checklist-Revised, seicliosta ar a bhfuil 20 slat tomhais a chuideoidh leat na síceapataigh ar d’aithne a aimsiú.

Táim ag roinnt an eolais seo leat, a léitheoir, ar fhaitíos go mbeadh tú ag dul thart agus duine acu i do chomhluadar, i ngan fhios duit féin, an dtuigeann tú, nó, níos measa arís, gur duine acu thú féin, agus, ahem, nach raibh a fhios agat é.

Pé scéal é, tá an seicliosta le léamh anseo. Is é mo thuiscint go dtugtar idir 0-2 pointe ar chuile bhosca ina gcuirtear tic; 4 an scór a bheas ag an ngnáthdhuine, ceapaim, ach má tá scór de 30 nó níos mó ag duine…   

6 comments:

Néidí said...

Táim cinnte go mbeidh daoine ag géarán faoin alt sin!

COGAR! said...

Aithníonn ciaróg...

John said...

De ghnáth, bíonn sé éasca go leor síceapataigh a aithint i scannáin nó drámaí ar an teilifís. Mar shampla, táim ag baint sult as dráma nua an BBC Case Histories le déanaí. Bíonn comhartha áirithe ann - fir, ciúin, gléasta in éadaí sean-fhaiseanta, singil, uaigneach. Ach ní dóigh liom go bhfuil sé chomh soiléir sin sa ghnáthshaol. Ar a laghad, aithníonn do sheicliosta go bhfuil i bhfad níos mó tréithe ag baint leis, seachas na clichéanna a bhíonn le feiceáil ar an scáileán go rialta.

Mise Áine said...

Ní chuirfeadh sé sin iontas orm, a Néidí.

Deirtear sin, a SFI...:-)

Bheinn féin amhrasach faoi seicliosta ar bith, a John, agus maidir le clichéanna, is léir go bhfuil boscaí chuile áit!

Anonymous said...

Bhí, agus tá fós aithne agam ar dhaoine a thuillfeadh marc measartha ord agus an liosta sin á fhreagairt acu. Cuma, mar déanta na fírinne, tá siad ar na daoine is suimiúla ar m’aithne.

Mise Áine said...

@ tá siad ar na daoine is suimiúla ar m’aithne.

Tuigim duit!