Tuesday, June 21, 2011

Focail Féilire

Má thiteann do shúil ar lascaine, pioc suas í!

26 comments:

Dennis King said...

Cén féilire atá i gceist agat?

Má 50 tiúb taos fiacla agat, an é an chaoi go gceannóidh tú cúig cheann eile má tá siad ar lascaine?

Agus leabhar nach léifidh tú go deo?

Céard faoi umar capall?

Mise Áine said...

Shíl mé féin go raibh jóc i gceist leis an súil a thit, an dtuigeann tú!

Sórt féilire 'Page-a-Day' atá ann, a Dennis, le hathfhriotail, as Béarla, ar gach leathanach.

Dennis King said...

*úúff*

Féilire Gaeilge?!? 365 jóc ann?

aonghus said...

Tuigim an ghreann, ach an ann don bhféilire fós nó bhfuil tú ag bailiú scéalta dó?

Mise Áine said...

Féilire Béarla atá ann, le hathfhriotal, cuid acu le hainm an té a dúirt curtha leo, cuid eile agus níl iontu ach ráiteas aon líne, mar shampla, gan ainm curtha leo.

Tá cuid acu greannmhar (shíl mé!), agus tá cuid eile a chuirfeadh duine ag smaoineamh. Rith an, ahem smaoineamh liom féin go mbeadh sé go deas Gaeilge a chur ar cheann nó dhó acu, agus iad a roinnt anseo, ar mo bhlag, mar 'Focail Féilire'. Beidh le feiceáil...:-)

Is as an áit seo a tháinig sé, agus tá ceann de na féilirí le feiceáil ar an leathanach sin.

Mo chuimhne,'If your eye falls on a bargain, pick it up.' an leagan Béarla a bhí ar an bhféilire, agus bhí orm leagan baininscneach ar 'bargain' a fháil le go mbeadh an jóc/smaoineamh/tuiscint sábháilte agam, ó tharla an focal 'súil' baininscneach freisin, an dtuigeann sibh. Nílim róchinnte ar éirigh liom, muise!

aonghus said...

Ó Muise d'éirigh. Nach spéisiúil go bhfuil margadh firinscneach - ach margáil baininscneach!

http://www.focal.ie/Search.aspx?term=bargain

(Aontaím leat maidir leis an bhféilire - agus tá tobar ag Dennis as a bhfeadfaí tarraingt: http://www.sengoidelc.com)

Mise Áine said...

Ní focal é 'margáil' as a mbainfinn féin úsáid i gcomhthéacs bargain a fháil, a Aonghuis, mar sin roghnaigh mé 'lascaine'.

Agus, tá an ceart agat faoi thobar Dennis...:-)

aonghus said...

Ní bheadh sé feiliúnach ceart go leor, mar is an gníomh, ní an earra atá i gceist.

ormondo said...

I bhfianaise na dúile a bhíonn ag mná sa tsiopadóireacht, cé acu a phiocfadh tusa suas - ar dtús, ar aon nós?

Dála an scéil, cuireann an méid sin abairt i gcuimhne dom a chruthaíonn go bhfuil gá le húsáid ceannlitreach don ainmfhocal sa Ghearmáinis chun athbhri a sheachaint: ich habe in berlin liebe genossen.

1. Ich habe in Berlin liebe Genossen.
2. Ich habe in Berlin Liebe genossen.

1. Tá comrádaí dil agam i mBeirlín.
2. Bhain mé sult as an ngrá i mBeirlín.

aonghus said...

Und wenns alle Genossen waren, wer sind die Genießer gewesen?

ormondo said...

Die in Wandlitz.

aonghus said...

Stimmt. Die Spießbürger.

Anois, do dhúshlán glan Ghaeilge a chuir ar an méíd sin!

Mise Áine said...

@ Ormondo - phiocfainn suas mo shúil, ar ndóigh, le go mbeadh deis agam na margaí eile a fheiceáil, agus a cheannacht!

Suimiúil é sin faoi na ceannlitreachta, go raibh maith agat.

@ glan Ghaeilge

Filistínigh, a Aonghuis?

aonghus said...

Spießbürger, an ea?

Ní Filistínigh iad. Ach daoine atá gafa san ré atá thart, dúnta do gach nua. Daoine a bhí fós ag iompar sleá (Spieß) nuair a bhí airm níos nuaí ag a gcomharsan bunús an nath. Ach is é an scéal grinn a bhí i gceist agam. Sílim é bheith do-aistrithe.

(Ar feadh meandair shíl mé go raibh tú ag tabhairt Filistíneach orm fhéin de bharr mo thagairt do ghlan Ghaeilge)

Mise Áine said...

@ shíl mé go raibh tú ag tabhairt Filistíneach orm fhéin

ASG! Níl sé de nós agam lipéad a chur ar aon duine, a chara...:-)

Maidir le Spießbürger, Google Translate a thug an focal 'Philistine' dom. Traidisiúnaí, b'fhéidir, nó an mbaineann sé sin le reiligiún amháin?

Déanfaidh mé machnamh ar an bhfocal, agus tiocfaidh mé ar ais chugat ar ball. Táim faoi dheifir anois, an dtuigeann tú..:-)

aonghus said...

N'fheadar. Ní gá gur droch rud Traidisiún, ach bíonn an Spießbürger sioctha san ré chaite.

ormondo said...

Ar aon nós, is téarma tarcaisneach é: "Kampfbegriff", nó ainmniú a chuirtear ar an nduine nó an ndream a bhfuil tú ina gcoinne. Ní chloisfeá aon duine ag maíomh gur "Spießbürger" é féín!

Go traidisiúnta, ba dhuine é a ghlac leis an gcóras, leis an status quo, agus a chosain é in éadan na "reibiliúnach", na "bhfealltóirí", na gcumannach srl. Ba dhual dó a bheith ag umhlú don dhream in uachtar agus dá thoil siúd, agus ag caitheamh anuas ar an ndream a shamhlaigh sé a bheith laistíos de an an ndréimire. Thapódh sé gach deis gan mórán scrupaill ar choinníoll nach gcuirfeadh sé olc ar an mbunaíocht (ach, os a choinne sin, ní sciobfadh sé do sparán.) Bhí dearcadh srianta aige de ghnáth agus ní éistfeadh sé le haon chaint nó ní thaobhfadh sé le haon duine a bheadh easumhal don chóras nó don dhream in uachtar.

Tar éis ré fada na "Cumhachta Blátha" tá na Spießbürger óga den sheanchineál tagtha in uachtar arís agus lucht na "Cumhachta Blátha" ag teitheadh leo agus ag brostú leo ar scor chomh luath agus is féidir.

De ghnáth, úsáidtear an leagan gairid de sa lá inniu: "Spießer".

Ar uaire, cuirtear "Neospießer" ar an lucht atá fós sáite i smaointeoireacht ré na "Cumhachta Blátha".

Ba bheag an deis a tugadh don Ghael a bheith ina "Spießbürger" ón séú céad déag anall agus, ar an ábhar sin, ní dóigh liom go bhfuil an focal cuí sa Ghaelainn.

aonghus said...

'Oisín i ndiaidh na Féinne' b'fhéidir?

Ana chur síos, a Fhearghuis. Anois, déan an rud céanna do na Genossen/Geniesser! ;-)

ormondo said...

"Cónán Maolintinneach, giolla na Féinne"?

I saol na gCumannach, ní bhíodh ann ach comrádaithe. Bhíodh gach duine ina chomrádaí ag gach duine eile. "Genosse" an focal Gearmánach do "chomrádaí" agus "Genossen" an leagan iolra de (a fhad agus a bhíodh gá leis an leagan iolra). Anois, is é "genossen" le "g" beag an aidiacht bhriathartha den bhriathar "geniessen" = "sult a bhaint as".

Dá bhrí sin, bhíodh baol na h-athbhrí ann pé uair a dheireadh duine an focal "genossen/Genossen" - sa chás i gceist níor mhair baol na h-athbhrí rófhada, áfach.

Ar aon nós, bhíodh comrádaithe ann agus bhí siadsan ní ba chomrádúla ná na comrádaithe eile, an dtuigeann sibh. (Bhuel, bíonn an rud céanna le sonrú pé córas a bhíonn i réim, d'fhéadfá a rá.) Ba é an sprioc fhoirfe a bhí curtha os a gcomhair ag na comrádaithe ba chomrádúla ná an Cumannachas a bhaint amach. Do chách. Ní raibh sa Sóisialachas ach tréimhse neamhfhoirfe eatramhach (amhail an Purgadóir) ar ghá don phobal dul tríthí, faraor. Ach a luaithe a bheadh ceann scríbe na foirfeachta siúd, an Cumannachas, bainte amach bheadh gach duine in inmhe agus in acmhainn ní amháin a bheith ina "Genosse" ach a bheith ina "Geniesser" freisin.

Idir an dá linn, áfach, ar eagla go rachadh sé i ndíchuimhne go h-iomlan conas a bheith ina "Geniesser", chuir na comrádaithe ba chomradúla iad féin ar fáil (go rúnda, fiú) chun an ealaíon seo a choinneáil beo. Ba olc an mhaise do dhuine a rá nach comhtharlúint ghlan a bhí i gceist gurbh iadsan an lucht céanna a bhí i gceannas na tíre.

Ar aon nós, ag deireadh an lae, agus an tSóisialachais, bhí "Genossen" ann a bhí ina "Geniesser" chomh maith agus bhí "Genossen" ann nach raibh ach ina "Genossen".

Mise Áine said...

Iontach suimiúil - go raibh maith agat, a Fhearghuis.

@ 'Oisín i ndiaidh na Féinne'

'bunchreidmheach' nó 'bunúsaí' an focal a rith liom tráthnóna, ach is maith liom an ceann sin, a Aonghuis.

@ ní dóigh liom go bhfuil an focal cuí sa Ghaelainn.

B'fhéidir é, a Fhearghuis...:-)

Nach suimiúil an méid eolais a tháinig as líne amháin i mblagmhír, a fheara - sladmhargadh, gan dabht!

Mise Áine said...

An mbeadh dígeantóir 'sioctha san ré chaite' meas tú?

ormondo said...

Is dígeantóir é, agus tá sé 'sioctha san ré chaite'. Ach is 'Radfahrer'='rothaí' é chomh maith mar a deirtear: a cheann cromtha don uachtar agus a chosa ag tabhairt ciceanna don íochtar.

Coimeádach, lúitéiseach, deistapaíoch, meon an ghéillsinigh aige agus a chos ar bholg aige. B'fhéidir go bhfuil gá le focal nua? ;-)

aonghus said...

Sár fhear a Fhearghuis. A bhlagmhír fhéin tuilte ag an méid a scríobh tú, lena bheith níos feiceálaí!

Beidh orm na focloirí a ransú do na focail eile sin agaibh!

ormondo said...

GRMA a Aonghus,

glacfaidh le do mholadh.

ormondo said...

... mar gheall ar an mblagmhír.

Mise Áine said...

@ A bhlagmhír fhéin tuilte ag an méid a scríobh tú..

Aontaím - arís, a Aonghuis!

@glacfaidh le do mholadh.

Iontach!