Wednesday, June 15, 2011

Cawwokitcha!

Tá fear ar m’aithne agus is Ballyleary an t-ainm atá aige ar Chonamara, ó tharla gur mar sin a chuala cluas an Bhéarlóra sin ‘Bail Ó Dhia Oraibh!’ an chéad lá riamh a roinneadh an bheannacht sin ina chuideachta thiar ann.

Fear deisbhéalach é an fear céanna, an dtuigeann sibh.

Pé scéal é, an lá cheana, bhí sé i mo chomhluadar, ag insint dom faoi leaid óg atá, dar leis, ina ‘fine tall fella’.  Ó tharla aithne mhaith agam ar athair an fhir óig sin, athair le hairde an dorais ann, is é an freagra a tháinig uaimse ná ‘Cá bhfágfadh sé é!’

Tá focal nua ag mo dhuine anois, Cawwokitcha. D’fhéadfadh sé go bhfuil teanga iomlán nua á chumadh aige! 

2 comments:

aonghus said...

Bhí orm é sin a léamh go cúramach. Cuma Gaelg Vannin air!

Mise Áine said...

Is maith ann an iarracht...;-)