Tuesday, May 24, 2011

Seanbhean Áine

De réir na pobalbhreithe seo, níl ach coicís agam le mo ghruaig a ghearradh, agus níor chóir dom a dhath eile ar an liosta thíos a chaitheamh, ach amháin an chulaith snámha.

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a chairde, ach go dtí gur léigh mé tuairimí na mban sin, ní raibh a fhios agam go raibh teorannacha ann!

Pé scéal é, beidh mé as baile, gan mo ríomhaire, go ceann lá nó cúig, a léitheoirí. Tá éadaí le ceannach agam, an dtuigeann sibh. Meas tú cé mhéad a chosnódh polladh imleacáin…
  • Bicíní, 47
  • Mionsciorta, 35
  • Búb Tiúb, 33
  • Stílíní, 51
  • Polladh Imleacáin, 35
  • Bróga Glún, 47
  • Bróga Spóirt, 44
  • Bríste Leathair, 34
  • Luiteoga, 45
  • Bróga Ugg, 45
  • Culaith Snámha, 61
  • Veist Teann, 44
  • Blús Sreabhann Uige, 40
  • Gruaig Fhada, 53
  • Pónaí, 51

6 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

polladh imleacáin: timpeall 50 euro.

Dennis King said...

Céard faoi bhurqa- gan dada faoi?

Mise Áine said...

Ar ndóigh, bhí a fhios agam go mbeadh an freagra agatsa dom, a Réaltan! :-)

@ Dennis

Chonaic mé ceann nó dhó acu thart ar BÁC inniu agus inné, ach ní ormsa..:-)

John said...

Róshean bikini a chaitheamh?

Tá tú ró-óg an Daily Mail a léamh, a Áine.

ormondo said...

"ach amháin an chulaith snámha."

Agus cad a dhéanfadh bean agus an 61 slánaithe aici: dul isteach san uisce tarnocht?!

(Gan fiú is polladh imleacáin "uirthi"!)

Mise Áine said...

@ John @ Ormondo

ASG!