Tuesday, May 3, 2011

Le Faomhadh

Is áis iontach í focal.ie, agus bím istigh ar an suíomh sin acu, ag cuardach liom, go minic.

Tharla sé go raibh mé istigh ann ar maidin, ar thóir an fhocail chuí do ‘cockpit, agus, ón rogha a tugadh dom, chinn mé ar ‘cró an phíolóta’ a úsáid, mar atá le feiceáil agaibh, i mo bhlagmhír dheireanach.

Ach, bhí leaganacha eile ann, cinn atá ‘le faomhadh’ an dtuigeann sibh.  Céard do bharúil, a léitheoir – an mbeifeá féin sásta le poll an tiománaí, meas tú?

5 comments:

aonghus said...

Do charr Formula 1, bheadh, ainneoin an dé-bhrí a bhaineann le poll.

Ach is dócha gur sa chró a siltear allas (agus cró) i gcás tiománaí chomh maith le píolóta.

John said...

'poll an tiománaí' - nach as sin a bhíonn píolótaí Aer Lingus ag caint nuair a bhíonn an E.T.A. á chumadh acu.

Dennis King said...

Is fearr liom an chéad cheann, an cró.

Anonymous said...

Tá níos mó i gceist le píolóta ná tiománaí.
Más mná an píolóta agus an comhpíolóta - cró na gcearc?

Mise Áine said...

@ Aonghus

Níl a fhios agam, mar sin féin, an mbainfeadh cainteoir dúchais, mar shampla, úsáid as 'poll an tiománaí' - sa chomhthéacs sin, pé scéal é. Caithfidh mé ceist a chur ar dhuine nó dhó acu...

@ John

ASG!

Sórt T.S.A (Tá Súil Agam) atá i gceist leis an 'Expected' sin, cheapfainn féin - A.S.T.S.A - Am Sroichte Tá Súil Agam...;-)

@ Dennis

Sórt 'log súile' atá i gceist, cheapfainn féin, leis an bhfocal 'cró' sa chomhthéacs seo, rud a fheileann, shílfeá, má bhreathnaíonn tú ar an áit ina mbíonn an píolóta ina shuí/suí.

Is maith liom féin an focal 'log'...:-)

@ Bob

ASG!

Mar a tharla sé, is bean a bhí ag píolótú ar an mbealach anonn ar an Déardaoin, ach is fear a bhí istigh sa chró léi, mar chomhphíolóta - ní dóigh liom go bhfeilfeadh 'cró na gcearc' sa chás sin...:-)